I mí na Nollag 2020, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach2 arb é is aidhm dó athléimneacht dhaonlathas na hEorpa a neartú. Is cuid lárnach den phlean gníomhaíochta é saoirse agus iolrachas na meán, ina bhfógraítear bearta chun iolrachas na meán a chur chun cinn. Tá sé i gceist le ceann de na bearta sin feabhas a chur ar an tuiscint ar fhaisnéis faoi úinéireacht na meán agus ar an bhfáil atá ag an bpobal uirthi. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta go ndéanfadh an Coimisiún cómhaoiniú ar an gCóras nua um Fhaireachán ar Úinéireacht na Meán, tionscadal píolótach lena mbunaítear bunachar sonraí atá ar fáil go poiblí ina bhfuil faisnéis ábhartha faoi eagraíochtaí meán, a bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún é a leathnú ar deireadh chun gach Ballstát a chumhdach. Seoladh an treoirthionscadal i mí Mheán Fómhair 2021.
01 Call for proposals
02 Grant application form
03 Estimated budget form
04 BS and P&L financial viability checktool with results
05 Declaration on honour
06 Bank Account form
07 Legal entity form (private)
08 Legal entity form (public)
09 Model Grant Agreement
10 Privacy Statement for Legal Entity and Bank Account Validation