
Tá sé sin go hiomlán i gcomhréir le clár oibre simplithe an Choimisiúin agus leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun timpeallacht ghnó níos fabhraí a chruthú, trí ualaí agus costais riaracháin ar chuideachtaí a laghdú. Tacaíonn an tionscnamh freisin le sprioc an Choimisiúin sa Chompás Iomaíochais an t-ualach riaracháin a laghdú 25 % ar a laghad do gach cuideachta agus 35 % ar a laghad d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide.
Seo mar a labhair Henna Virkkunen, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Cheannasacht Teicneolaíochta, Slándáil agus Daonlathas:
“Ní mór dúinn gnó a dhéanamh níos éasca san Eoraip gan ár n-ardchaighdeáin maidir le cothroime agus sábháilteacht ar líne a chur i mbaol. Tá leabhar rialacha atá fabhrach don nuálaíocht uainn: ar an gcaoi a gcuirimid na rialacha i bhfeidhm, agus ar shimpliú na ndlíthe inar féidir ár gcuspóirí a bhaint amach ar chostais níos ísle agus ar nósanna imeachta cuíchóirithe. Tá sé mar aidhm againn níos lú páipéarachais, níos lú forluí agus rialacha nach bhfuil chomh casta céanna a bheith ann do chuideachtaí a dhéanann gnó san Aontas.’
Leanann an glao seo ar fhianaise rannpháirtíocht fhorleathan na bpáirtithe leasmhara lena n-áirítear comhairliúcháin phoiblí maidir le Straitéis an Aontais um Shonraí, athbhreithniú ar an nGníomh um Chibearshlándáil, agus maidir leis an Straitéis um Intleacht Shaorga a Chur i bhFeidhm. Is é an chéad chéim é chun leabhar rialacha digiteacha an Aontais a shimpliú agus beidh sé ar oscailt go dtí an 14 Deireadh Fómhair 2025.