Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Córas Destination Earth seolta ag an gCoimisiún san Fhionlainn chun cabhrú le hoiriúnú don athrú aeráide

Chuir an Coimisiún an chéad chóras Destination Earth (DestinE) i ngníomh i láthair an Leas-Uachtaráin Feidhmiúcháin Margrethe Vestager agus Aire Fostaíochta na Fionlainne, Arto Satonen.

Commission launches Destination Earth system in Finland to help climate change adaptation

Tionscnamh suaitheanta de chuid an Choimisiúin is ea DestinE, arb é is aidhm dó leathchúpla digiteach fíorchruinn den Domhan a fhorbairt. Ciallaíonn imscaradh an chórais DestinE gur cuireadh de chúram ar ríomhairí ardfheidhmíochta na hEorpa (EuroHPC), lena n-áirítear sár-ríomhaire LUMI in Kajaani na Fionlainne, éifeachtaí an athraithe aeráide agus eachtraí adhaimsire a ionsamhlú. A bhuí leis an tionscnamh seo, beidh an Eoraip níos ullmhaithe chun freagairt do mhórthubaistí nádúrtha, chun oiriúnú don athrú aeráide agus chun measúnú a dhéanamh ar na tionchair shocheacnamaíocha agus bheartais a d’fhéadfadh a bheith ag teagmhais den sórt sin.

Tá cumais samhaltaithe nach bhfacthas a leithéid riamh cheana á n-úsáid ag DestinE a bhuí le ríomhairí EuroHPC agus acmhainneacht na hIntleachta Saorga. Is príomhchuid den straitéis Eorpach maidir le sonraí é an tionscnamh freisin trí rochtain ar fhoinsí luachmhara sonraí ar fud na hEorpa a chomhdhlúthú. Tá DestinE ag feidhmiú anois agus táthar ag súil go bhforbróidh sé go leanúnach, go leathnóidh sé oibríochtaí agus go bhforbróidh sé tuilleadh comhpháirteanna. Faoi 2030, ba cheart do DestinE macasamhail dhigiteach iomlán den Domhan a chomhlánú.

Léigh an phreaseisiúint iomlán, tuilleadh eolais faoi Destination Earth agus íoslódáil an bhileog eolais.