Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tús curtha ag an gCoimisiún le nósanna imeachta um shárú i gcoinne 24 Bhallstát toisc nach bhfuil rialacha nua teileachumarsáide an Aontais Eorpaigh á dtrasuí acu

Tá tús curtha ag an gCoimisiún le nósanna imeachta um shárú i gcoinne 24 Bhallstát toisc nár aontaigh sé rialacha nua teileachumarsáide an Aontais. Leis an gCód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach déantar nuachóiriú ar an gcreat rialála Eorpach don chumarsáid leictreonach, chun roghanna agus cearta tomhaltóirí a fheabhsú, mar shampla trí chonarthaí níos soiléire, cáilíocht seirbhísí agus margaí iomaíocha a áirithiú. Cinntíonn an Cód freisin caighdeáin níos airde maidir le seirbhísí cumarsáide, lena n-áirítear cumarsáid éigeandála níos éifeachtúla agus níos inrochtana.

Ina theannta sin, cuireann sé ar chumas oibreoirí tairbhe a bhaint as rialacha lena ndreasaítear infheistíochtaí i líonraí fíor-ardacmhainne, chomh maith le hintuarthacht rialála fheabhsaithe, as a n-eascraíonn seirbhísí agus bonneagair dhigiteacha níos nuálaí.

Preaseisiúint iomlán