Is é is aidhm don phacáiste nascachta digití seo tús a chur le plé ar thograí nithiúla le geallsealbhóirí, leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo maidir le conas gníomhaíocht bheartais an Aontais amach anseo a mhúnlú d’fhonn teacht ar chomhthoil:
- Sa Pháipéar Bán maidir le “Conas riachtanais bhonneagair dhigitigh na hEorpa a mháistir?” déantar anailís ar na dúshláin atá os comhair na hEorpa faoi láthair maidir le líonraí nascachta a chur i bhfeidhm amach anseo, agus cuirtear i láthair ann cásanna féideartha chun infheistíochtaí a mhealladh, nuálaíocht a chothú, slándáil a mhéadú, agus fíor-Mhargadh Aonair Digiteach a bhaint amach.
- Leis an Moladh maidir le slándáil agus athléimneacht na mbonneagar cábla fomhuirí, cuirtear i láthair sraith gníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais arb é is aidhm dóibh slándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí a fheabhsú, trí chomhordú níos fearr ar fud an Aontais, ó thaobh rialachais agus cistiúcháin de araon.
Tuilleadh eolais faoi Bheartais Nascachta