![Entry into force of Digital Identity Regulation](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/GettyImages1069554654__ipopba__iStock_Getty_Images_Plus_YnTuYf70O2NuvnyMXbkF6V0cvw_158436.jpg?itok=3bqATXbS)
iStock Photo Getty Images Plus
Is éard a bheidh i dTiachóg na Céannachta Digití Eorpaí aip mhóibíleach a eiseofar i ngach Ballstát. Cuirfidh sé ar chumas shaoránaigh agus chónaitheoirí an Aontais sainaithint a dhéanamh ar líne go slán sábháilte chun rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne ar fud na hEorpa.
Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach: ‘Is céim thábhachtach é an lá inniu i bhforbairt Thiachóg na Céannachta Digití ón Aontas. Thart ar dhá bhliain as seo amach, beidh gach Eorpach in ann doiciméid dhigiteacha phearsanta a bhainistiú go sábháilte agus rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí agus príobháideacha ar líne a mbeidh smacht iomlán acu ar shonraí pearsanta ó aip mhóibíleach phearsanta a chuirfear ar fáil ar bhonn deonach do shaoránaigh agus do chónaitheoirí uile na hEorpa.’
Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach: ‘Is céim mhór é teacht i bhfeidhm na rialacha maidir le céannacht dhigiteach Eorpach i dtreo sprioc 2030 an Aontais maidir leis an deis a thabhairt do shaoránaigh na hEorpa céannacht dhigiteach atá slán agus lena gcaomhnaítear príobháideachas a úsáid. Tabharfaidh sé smacht do shaoránaigh ar a gcuid sonraí pearsanta sa saol digiteach agus neartóidh sé ceannasacht theicneolaíoch na hEorpa.’
Déanfaidh Tiachóg na Céannachta Digití ón Aontas an tsainaithint dhigiteach a athrú ó bhonn. Beidh gach úsáideoir tiachóige in ann seirbhísí ar líne a úsáid, doiciméid dhigiteacha a roinnt amhail ceadúnas tiomána móibíleach nó ríomhoideas, cuntais bhainc oscailte nó íocaíochtaí a dhéanamh agus smacht iomlán aige ar shonraí pearsanta. Tá €46 mhilliún infheistithe ag an gCoimisiún cheana féin ón gClár don Eoraip Dhigiteach i gceithre threoirthionscadal mhórscála, chun Tiachóg na Céannachta Digití ón Aontas a thástáil i réimse cásanna úsáide laethúla, lena n-áirítear an Ceadúnas Tiomána Móibíleach, r-Shláinte, íocaíochtaí, agus cáilíochtaí oideachais agus gairmiúla, tá an dara glao ar threoirthionscadal mórscála chun tacú le himscaradh na dtiachóg díreach foilsithe.
Tar éis theacht i bhfeidhm na rialacha nua, ullmhóidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun a chinntiú go mbeidh an t-ardleibhéal céanna slándála agus cosanta sonraí i ngach tiachóg agus go n-oibreoidh siad gan uaim ar fud an Aontais.
Faigh tuilleadh eolais faoi: