
© Jens Schlueter
Leis an tsraith nua glaonna sin, tacófar tuilleadh le tionscal leathsheoltóirí na hEorpa trí chomhar, iomaíochas tionsclaíoch agus aistriú eolais ó shaotharlanna go monarchana a neartú. Is féidir le cuibhreannais tograí a chur isteach maidir le hábhair lena dtugtar aghaidh ar réimse leathan dúshlán a shainítear sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht — ó thrasraitheoirí sliseanna sileacain go hintleacht shaorga leabaithe, nascacht nó comhordú agus rialú córas casta chun feidhmíocht agus sábháilteacht a fheabhsú.
Ina theannta sin, rannchuideoidh na tionscadail a mhaoinítear faoi na glaonna nua sin le crua-earraí foinse oscailte a fhorbairt do thionscal na ngluaisteán, tacóidh siad leis an aistriú chuig feithiclí bogearraí-thiomáinte, agus cuirfidh siad próisis mhonaraíochta atá neamhdhíobhálach don chomhshaol chun cinn. Le glao comhpháirteach sonrach le Poblacht na Cóiré, cuirfear teicneolaíochtaí ríomhaireachta ilchineálacha agus teicneolaíochtaí ríomhaireachta néaramorfacha (atá cosúil le hinchinn) chun cinn.
Tá na glaonna sin dírithe ar chuibhreannais ina bhfuil gníomhaithe tionsclaíocha an Aontais atá gníomhach sna réimsí sin ó na Ballstáit go léir. Táthar ag súil go ndéanfar iad a mheaitseáil le méid comhréireach cistiúcháin ó na Stáit atá rannpháirteach sa Chomhghnóthas um Shliseanna agus le hinfheistíocht ón earnáil phríobháideach. Is féidir le hiarratasóirí a n-iarratais ar mhaoiniú a chur isteach ar an Tairseach um Dheiseanna Cistiúcháin agus Tairisceana go dtí an 14 Bealtaine 2024 (an chéad spriocdháta). Tá tuilleadh eolais faoi na glaonna sin agus faoin nós imeachta iarratais le fáil ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais um Shliseanna.