![EU-Japan deal on data flows enters into force](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/GettyImages1405810430_Wyq405aOIvLRnMEJAueEnHHxso_163147.jpg?itok=W8SNU4Od)
iStock Photo Getty Images +
Cloch mhíle atá ann inár n-iarrachtaí comhpháirteacha chun digitiú shochaithe agus gheilleagair na hEorpa agus na Seapáine araon a chur chun cinn. Éascóidh a fhorálacha gnó ar an dá thaobh, rud a thabharfaidh comhartha láidir i gcoinne na caomhnaitheachta digití.
Agus é curtha san áireamh sa Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche (EPA) idir an tAontas agus an tSeapáin, cuirfidh an comhaontú fíorthairbhí ar fáil do chuideachtaí atá gníomhach i bhformhór na n-earnálacha, amhail seirbhísí airgeadais, iompar, innealra agus ríomhthráchtáil. Is féidir le gnólachtaí sonraí a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtúla anois, gan ceanglais riaracháin nó stórála anásta, i dtimpeallacht dhlíthiúil intuartha.
Le teacht i bhfeidhm na gcomhaontuithe sin, cuirtear chun cinn freisin an coincheap ‘SaorshreabhadhSonraí le hIontaobhas’,ar treoirphrionsabal é don chomhar idirnáisiúnta maidir le sreafaí sonraí, bunaithe ar ár luachanna comhroinnte. Cuireann sé ar ár gcumas an bonn a leagan síos do chur chuige comhchoiteann maidir leis an trádáil dhigiteach, ag gníomhú i gcoinne srianta treallacha gan údar ar shreafaí sonraí, agus rathúnas comhroinnte á chur chun cinn ag an am céanna.
Léigh tuilleadh eolais ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na Trádála agus faigh tuilleadh eolais faoi Chomhpháirtíochtaí Digiteacha an Aontais.