Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

EUR 1.2 milliún le haghaidh tionscadal nua chun tuiscint níos doimhne a fháil ar an mbréagaisnéis faoi chogadh, toghcháin agus inscne

Sheol an Coimisiún glao ar thograí tionscadail lenar féidir a fháil amach conas a thagann insintí bréagaisnéise maidir le cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, toghcháin agus pobal LGBTQ+ chun cinn ar líne agus as líne, agus chun dul i ngleic leo agus lena n-éifeacht.

graphic showing the word "disinformation" on a multicolour background displaying words related to disinformation

iStock photo Getty images plus

Cuireann an glao seo le tionscadal den chineál céanna atá ar siúl cheana féin, tar éisglao arthograí a foilsíodh i mí Iúil 2022.

Foráiltear sa ghlao nuaseo do bheagnach EUR 1.2 milliún de mhaoiniú ón Aontas chun tacú le tuiscint níos fearr ar an gcaoi a gcruthaítear agus a scaiptear bréagaisnéis, ar an gcaoi a múnlaítear intinn daoine léi, agus ar an tionchar a bhíonn aici ar an bhfíorshaol. Tá tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs na faisnéise bréagaí agus míthreoraí faoi chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a d’fhéadfadh an daonlathas a dhíchobhsú, is féidir leis an mbréagaisnéis dochar a dhéanamh do lánpháirtiú agus do chomhionannas an phobail LGBTQ+, chomh maith lena thionchar ar thoghcháin.

Mar chomhlánú ar obair na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO),táthar ag súil freisin go molfar leis an tionscadal straitéisí agus bearta, gníomhaíochtaí beartais amach anseo agus cleachtais nua chun tacú le hinsintí dearfacha agus chun cur i gcoinne insintí bréagacha díobhálacha, lena n-áirítear trí insintí bréagaisnéise a bhfuiltear ag súil leo roimh ré a bhréagnú.

Is é an 22 Meán Fómhair 2023 an spriocdháta le haghaidh iarratas, agus táthar ag súil go gcuirfear tús leis an tionscadal rathúil i mí Mheán Fómhair 2024. Tá ollscoileanna, ionaid taighde, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis phoiblí agus údaráis eile incháilithe chun iarratas a dhéanamh. Tá tuilleadh eolais faoin nglao seo ar thograí ar fáil anseo.

Tá na tionscadail sin mar chuid d’iarrachtaí níos leithne chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, lena n-áirítear an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis agus EUvs Disinfo. Faoi dheireadh mhí Lúnasa, beidhar Ardáin ar Líne an -mhór atá ainmnithe faoi DSAa gcéad mheasúnú riosca rialta a dhéanamh freisin, lena gcumhdaítear, i measc saincheisteanna eile, an chaoi a mbaintear mí-úsáid as a gcuid seirbhísí le haghaidh bréagaisnéise.

Glao ar thograí tionscadail

Dul i ngleic leis an mbréagaisnéis ar líne