In éineacht leis an gCibearaonad Comhpháirteach, a moladh an 23 Meitheamh, is cuid de Straitéis Chibearshlándála an Aontais é arb é is aidhm di a áirithiú go mbeidh gach saoránach agus gnólacht sábháilte ó chibearbhagairtí, chun eintitis chriticiúla fhisiciúla agus dhigiteacha a dhéanamh níos athléimní agus chun cibearspás domhanda, oscailte, cobhsaí agus slán a thógáil. Déanfaidh an Lárionad agus an Líonra nua um Inniúlachtaí Cibearshlándála clár oibre comhchoiteann a fhorbairt agus a chur chun feidhme, i gcomhar leis na Ballstáit, leis an tionscal agus leis an bpobal acadúil, le haghaidh fhorbairt na teicneolaíochta agus le haghaidh a chur in úsáid go forleathan i réimsí a bhaineann le leas an phobail, agus i ngnólachtaí, go háirithe i ngnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna). Comhthiomsóidh sé acmhainní ón Aontas, óna Bhallstáit agus ón tionscal chun feabhas a chur ar acmhainní teicneolaíochta agus cibearshlándála tionsclaíche agus iad a neartú, rud a chuirfidh feabhas ar neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais. Trí na cistí cibearshlándála a bhainistiú faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais 2021-2027, gheobhaidh an Lárionad cistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach agus ón gclár Fís Eorpach, chomh maith le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit. Bunóidh agus reáchtálfaidh an Coimisiún an Lárionad um Inniúlachtaí Cibearshlándála i mBúcairist, go dtí go mbeidh sé in ann feidhmiú go neamhspleách.