Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Digibyte | Foilseachán

An chéad bhosca gainimh rialála maidir leis an Intleacht Shaorga curtha i láthair

Rinne rialtas na Spáinne agus an Coimisiún Eorpach treoirthionscadal den chéad bhosca gainimh rialála maidir leis an Intleacht Shaorga (IS) a thíolacadh níos luaithe an tseachtain seo ag ócáid a reáchtáladh sa Bhruiséil i láthair údaráis na Spáinne agus na n-údarás Eorpach chomh maith le saineolaithe cáiliúla sa réimse.

image of brain surrounded by data

© image by KanawatTH - Getty Images/iStock

Is é is aidhm don bhosca gainimh údaráis inniúla a thabhairt gar do chuideachtaí a fhorbraíonn IS chun dea-chleachtais a shainiú a bheidh mar threoir ag cur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an Intleacht Shaorga a bheidh ag an gCoimisiún Eorpach amach anseo ( an Gníomh um an Intleacht Shaorga). D’áiritheofaí leis sin freisin gur féidir an reachtaíocht a chur i bhfeidhm laistigh de dhá bhliain.

Is bealach é an bosca gainimh rialála chun nuálaithe agus rialtóirí a nascadh agus timpeallacht rialaithe a chur ar fáil dóibh chun comhoibriú lena chéile. Le comhar den sórt sin idir rialtóirí agus nuálaithe, ba cheart forbairt, tástáil agus bailíochtú córas nuálach intleachta saorga a éascú d’fhonn comhlíonadh cheanglais an Rialacháin maidir leis an Intleacht Shaorga a áirithiú.

Cé go bhfuil an t-éiceachóras iomlán ag ullmhú don Acht um Intleacht Shaorga, táthar ag súil go nginfidh an tionscnamh bosca gainimh seo treoirlínte dea-chleachtais atá éasca le leanúint agus a sheasfaidh an aimsir agus ábhair thacaíochta eile. Meastar go n-éascóidh aschuir den sórt sin cur chun feidhme na rialacha ag cuideachtaí, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta. 

Sa scéim phíolótach bosca gainimh sin arna thionscnamh ag rialtas na Spáinne, féachfar ar cheanglais an rialacháin IS a bheidh ann amach anseo a oibríochtú chomh maith le gnéithe eile amhail measúnuithe comhréireachta nó gníomhaíochtaí iarmhargaidh.

A bhuí leis an taithí phíolótach sin, doiciméadófar oibleagáidí agus conas iad a chur chun feidhme, i gcás soláthraithe córas intleachta saorga (rannpháirtithe sa bhosca gainimh) agus córasófar iad i dtreoirlínte dea-chleachtais agus i dtreoirlínte cur chun feidhme na gceachtanna a foghlaimíodh. Áireofar ar na táirgí insoláthartha freisin modhanna chun rialú agus obair leantach a dhéanamh a bheidh úsáideach chun maoirseacht a dhéanamh ar údaráis náisiúnta atá i gceannas ar na sásraí maoirseachta a chuireann an rialachán chun feidhme a chur chun feidhme.

Chun comhar na ngníomhaithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann ar an leibhéal Eorpach a neartú, beidh an cleachtadh sin fós ar oscailt do na Ballstáit eile a bheidh in ann an treoirthréimhse a leanúint nó páirt a ghlacadh ann, rud a d’fhéadfadh a bheith ina bhosca gainimh rialála uile-Eorpach don intleacht shaorga. Saothrófar comhar ar leibhéal an Aontais le Ballstáit eile faoi chuimsiú an Ghrúpa Saineolaithe maidir leis an Intleacht Shaorga agus le Digitiú Gnólachtaí arna bhunú ag an gCoimisiún.

Tarraingítear maoiniú an bhosca gainimh seo ó na Cistí Téarnaimh agus Athléimneachta atá sannta do Rialtas na Spáinne, trí Phlean Téarnaimh, Claochlaithe agus Athléimneachta na Spáinne, agus go háirithe trí Straitéis Náisiúnta na Spáinne maidir le Intleacht Shaorga (Comhchuid 16 den Phlean). Tuairim is EUR 4.3M a bheidh sa bhuiséad foriomlán don scéim phíolótach ar feadh tuairim is trí bliana.

Treoir atá ar fáil do na Ballstáit uile agus don Choimisiún Eorpach

Cuirfear tús leis na tástálacha ó mhí Dheireadh Fómhair 2022 agus foilseofar na torthaí le linn Uachtaránacht na Spáinne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh sa dara leath de 2023. Cuirfear an taithí a bailíodh sa bhosca gainimh i láthair i bhfoirm dea-chleachtas agus treoirlínte cur chun feidhme agus cuirfear ar fáil í do na Ballstáit uile agus don Choimisiún Eorpach agus féadfar í a úsáid agus Rialachán IS a bheidh ann amach anseo á ullmhú.