Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Tionchar na réiteach digiteach ar an aeráid a thomhas

  • NEWS ARTICLE
  • Foilseachán 25 Aibreán 2024

D’fhoilsigh an Chomhghuaillíocht Eorpach Ghlas Dhigiteach modheolaíochtaí nua chun glantionchar na réiteach digiteach ar an aeráid a thomhas.

EGDC logo

Tá modheolaíochtaí agus treoir eolaíochtbhunaithe eisithe ag an gComhghuaillíocht Dhigiteach Ghlas Eorpach (EGDC) chun tionchar na réiteach digiteach a thomhas maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus a sheachaint ar fud earnálacha éagsúla. Cloch mhíle is ea é sin d’aistriú digiteach agus d’aistriú glas na hEorpa, lena gcuirtear an tAontas i dtreo na haeráidneodrachta agus na ceannaireachta digití.

Leis na modheolaíochtaí agus an treoir nua atá bunaithe ar an eolaíocht, tabharfar de chumhacht do pháirtithe leasmhara san Eoraip agus sa domhan mór cinntí eolasacha a dhéanamh agus réitigh TFC á n-úsáid acu. Tá siad ríthábhachtach chun an inbhuanaitheacht agus an nuálaíocht dhigiteach a chur chun cinn ar fud earnálacha éagsúla.

Ní hamháin gur féidir le cuideachtaí na modheolaíochtaí a úsáid, ach is féidir le húdaráis áitiúla agus institiúidí airgeadais iad a úsáid freisin chun réitigh dhigiteacha nuálacha a chur in úsáid agus a mhaoiniú, ar réitigh iad a bhfuil glantionchar dearfach acu ar an aeráid agus a bhfuil tairbhí eacnamaíocha ag baint leo.

Comhlíonann foilsiú na dtorthaí sin ceann de phríomhspriocanna EGDC, modhanna eolaíochtbhunaithe a fhorbairt chun glantionchar na réiteach digiteach ar an gcomhshaol i réimsí éagsúla a mheas. Leis na modheolaíochtaí, féachtar ar rannchuidiú dearfach agus lorg carbóin díreach na réiteach digiteach éagsúil.

Thacaigh Treoirthionscadal de chuid Pharlaimint na hEorpa, arna mhaoiniú ag an Aontas, le EGDC. Rinne bord saineolaithe ardleibhéil neamhspleách na torthaí foilsithe a bhailíochtú. 

Agus dlús á chur leis an éigeandáil aeráide, ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar chumhacht na réiteach digiteach maidir le hastaíochtaí a laghdú. Mar sin féin, ní chuideoidh an digitiú ach amháin má ghlactar é ar an mbealach ceart agus má chuirtear tionchair dhiúltacha san áireamh go leordhóthanach. Is toradh iad modheolaíochtaí núíosacha EGDC ar chomhoibriú uathúil i measc an tionscail, na n-eolaithe agus na saineolaithe. Dá réir sin, cuireann EGDC modheolaíochtaí inchreidte, eolaíochtbhunaithe agus praiticiúla ar fáil anois chun bonn eolais a chur faoi chinntí ESG ar fud ár sochaithe agus ár ngeilleagar

Luis Neves, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin GeSI, Comhordaitheoir Thionscadal Píolótach EGDC

Na foilseacháin

Tá trí dhoiciméad sna foilseacháin:

  1. Modheolaíocht um Glanmheasúnú Tionchair Carbóin le haghaidh Réitigh TFC, lena n-áirítear modheolaíochtaí a bhaineann go sonrach le hearnáil faoi leith
  2. Cás-Staidéir ar Fhíorshaol
  3. Treoirlínte maidir le himscaradh

Tá Modheolaíocht an Mheasúnaithe ar an nGlantionchar Carbóin le haghaidh Réitigh TFC i gcroílár fhoilseacháin EGDC. Tá ceanglais ann maidir le cásanna a chur i gcomparáid le réitigh TFC agus gan iad i gcomhthéacs ar leith, rud a chuireann ar ár gcumas an rannchuidiú dearfach agus an lorg díreach i gcoibhéis CO2 atá ag réiteach digiteach sonrach a chainníochtú go cruinn.

Comhlánaítear é le modheolaíochtaí earnáilsonracha lena léirítear cur i bhfeidhm praiticiúil gach ceanglais maidir le 6 earnáil: fuinneamh, tógáil/foirgnimh, cathracha cliste, talmhaíocht, iompar agus monaraíocht.

Chuidigh na cás-staidéir fíorshaoil i ngach ceann de na 6 earnáil le tionchar na modheolaíochtaí a bheachtú agus a léiriú. Bailíodh iad ó chomhaltaí EGDC agus ó pháirtithe leasmhara a úsáideann réitigh TFC. Ina measc seo tá uirlisí scamall-bhunaithe le haghaidh bainistíocht fuinnimh i bhfoirgnimh, déantúsaíocht agus talmhaíocht 5G-chumasaithe, fuinneamh cliste agus ardáin chathrach cliste, agus go leor eile.

Ar deireadh, dréachtaíodh na treoirlínte maidir le cur in úsáid chun feabhas a chur ar an tuiscint ar chur in úsáid réiteach TFC in earnálacha éagsúla. Áirítear orthu sin treoir maidir lena dtionchar dearfach ar an aeráid a bharrfheabhsú, agus iarmhairtí diúltacha a íoslaghdú.

Na chéad chéimeanna eile

Tar éis fhoilsiú na modheolaíochtaí sin, tá súil ag EGDC go nglacfaidh raon leathan gníomhaithe tionsclaíocha agus sochaíocha leo chun cabhrú leo TFC a úsáid mar uirlis chun a lorg comhshaoil a fheabhsú.

Trí na modheolaíochtaí sin a ghlacadh, is féidir cuidiú freisin le margadh bríomhar a chruthú don nuálaíocht dhigiteach a rachaidh chun tairbhe do dhaoine, don gheilleagar agus don chomhshaol. 

Tar éis fhoilsiú thorthaí an treoirthionscadail, déanfaidh EGDC a idirphlé trasearnála a dhoimhniú agus seirbhísí tacaíochta a leathnú chuig páirtithe leasmhara ar fud gheilleagar an Aontais, lena n-áirítear FBManna, an earnáil airgeadais, agus údaráis phoiblí.

Cúlra

Sheol an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach Thierry Breton agus Príomhoifigigh Feidhmiúcháin phríomhchuideachtaí TFC an European Green Digital Coalition i mí an Mhárta 2021. Le bheith i do bhall, ní mór do Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin dearbhú a shíniú, ag gealladh thar ceann a gcuideachtaí go ngníomhóidh siad sna réimsí seo a leanas:

  1. infheistiú i bhforbairt agus in úsáid réiteach digiteach glas a bhfuil éifeachtúlacht shuntasach fuinnimh agus ábhair acu a mbeidh glantionchar dearfach acu i raon leathan earnálacha;
  2. modhanna agus uirlisí a fhorbairt chun glantionchar na dteicneolaíochtaí digiteacha glasa ar an gcomhshaol agus ar an aeráid a thomhas trí dhul i gcomhar le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le heagraíochtaí saineolaithe ábhartha;
  3. moltaí agus treoirlínte a chomhchruthú, i gcomhar le hionadaithe earnálacha eile, maidir le claochlú digiteach glas na n-earnálacha sin a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol, don tsochaí agus don gheilleagar.

Treoirthionscadal

Leis an Treoirthionscadal ó Pharlaimint na hEorpa, arna chistiú ag an Aontas, faoi stiúir an Tionscnaimh Chumasúcháin Dhomhanda um Inbhuanaitheacht (GeSI), tugadh le chéile Comhghuaillíocht Eorpach DIGITAL FBM, DIGITALEUROPE, ETNO, GSMA agus eagraíochtaí saineolaithe Carbon Trust, Deloitte, agus Sustainable ICT.

Is iad na heagraíochtaí sin uile Rúnaíocht EGDC, a d’oibrigh go dlúth ar fhorbairt modheolaíochtaí agus treoirlínte in éineacht le Comhaltaí EGDC, leis na comhpháirtithe tacaíochta agus leis an gCoimisiún Eorpach, agus treoir á lorg acu ó Bhord Comhairleach Neamhspleách agus iad ag ailíniú le comhlachtaí um chaighdeánú.

‘Bhí an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach ina dtosaíocht ag an gCoimisiún seo. D’oibríomar go dlúth leis na páirtithe leasmhara chun an t-aistriú dúbailte sin a chur chun cinn. Is sampla den scoth í an Chomhghuaillíocht Eorpach Ghlas Dhigiteach i ndáil leis sin, ós rud é gur chuir sí modh caighdeánaithe ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le réitigh dhigiteacha srian a chur ar astaíochtaí gás ceaptha teasa. Is uirlis luachmhar í an mhodheolaíocht sin chun borradh a chur faoi dhícharbónú earnálacha atá criticiúil ó thaobh na haeráide de.’ Roberto Viola, Ard-Stiúrthóir AS CONNECT