Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Foilsíodh coimre nua Chibearshlándála maidir le conas sláine na dtoghchán a chosaint

  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 06 Márta 2024

Inniu, d’fhoilsigh na Ballstáit, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó ENISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, coimre nua maidir le conas sláine toghchán a chosaint ó thaobh na cibearshlándála de.

New Cybersecurity compendium on how to protect integrity of elections published
iStock photo Getty images plus

Ó bhí na toghcháin dheireanacha de chuid an Aontais ann in 2019, tá timpeallacht na bagartha imithe in olcas, lena n-áirítear dlús a chur le gníomhaíochtaí haicearthaí ar fhruiliú agus méadú ar shofaistíocht na modhanna a úsáideann gníomhaithe bagartha.

Ag an am céanna, tá dul chun cinn teicneolaíoch déanta ar na próisis toghcháin. Dá bhrí sin, áirítear ar chroíghnéithe an eagráin seo: nuashonrú ar thimpeallacht bhagartha na dtoghchán, cás-staidéir nua agus athbhreithnithe, dea-chleachtais maidir leis an gcibearshlándáil agus scrúdú ar na bagairtí a d’fhéadfadh teacht as teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’athléimneacht na dtoghchán, eadhon Trasnaíocht ar Shaunú Faisnéise Eachtraí (FIMI), bréagaisnéis ar na meáin shóisialta, IS agus domhainbhrionnuithe.

Leagtar amach san eagrán nua den Choimre moltaí do na Ballstáit, céimeanna le glacadh agus treoir úsáideach maidir le cibirtheagmhais a d’fhéadfadh a bheith ann a bhainistiú le linn na bpróiseas toghcháin. I measc na mbeart atá beartaithe tá dea-chleachtais maidir le comhroinnt faisnéise, ardú feasachta agus oiliúint mar aon le bainistiú riosca, tacaíocht chibearshlándála d’fheachtais, páirtithe agus iarrthóirí, chomh maith le teicneolaíocht ríomhvótála. Áirítear san eagrán seo na buncheisteanna cibearshlándála ag gach céim de thimthriall na dtoghchán. 

Tuilleadh eolais