Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tá feidhm ag rialacha nua níos láidre maidir le cibear-athléimneacht agus athléimneacht fhisiceach eintiteas criticiúil agus líonraí criticiúla

Tá dhá threoir maidir le bonneagar criticiúil agus digiteach díreach tagtha i bhfeidhm agus neartóidh siad athléimneacht an Aontais i gcoinne bagairtí ar líne agus as líne, ó chibearionsaithe go coireacht, rioscaí don tsláinte phoiblí nó tubaistí nádúrtha.

image of people working on screens in a computer centre

iStock photo Getty images plus

Leis na bagairtí a rinneadh le déanaí ar bhonneagar criticiúil an Aontais, rinneadh iarracht an bonn a bhaint dár slándáil chomhchoiteann. Cheana féin in 2020, mhol an Coimisiún uasghrádú suntasach ar rialacha an Aontais maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil agus slándáil líonraí agus córas faisnéise.

Is iad seo a leanas an dá Threoir a thagann i bhfeidhm:

Le Treoir NIS 2, áiritheofar go mbeidh an Eoraip níos sábháilte agus níos láidre trí na hearnálacha agus na cineálacha eintiteas criticiúil a thagann faoina raon feidhme a leathnú go suntasach. Áirítear orthu sin soláthraithe líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí poiblí, seirbhísí lárionaid sonraí, bainistiú fuíolluisce agus dramhaíola, monarú táirgí criticiúla, seirbhísí poist agus cúiréireachta agus eintitis riaracháin phoiblí, chomh maith leis an earnáil cúraim sláinte ar bhonn níos leithne. Ina theannta sin, neartóidh sé na ceanglais bainistithe riosca maidir leis an gcibearshlándáil a bhfuil sé d’oibleagáid ar chuideachtaí iad a chomhlíonadh, chomh maith le hoibleagáidí tuairiscithe teagmhas a chuíchóiriú le forálacha níos beaichte maidir le tuairisciú, ábhar agus amlíne. Cuirtear Treoir NIS2 in ionad na rialacha maidir le slándáil líonraí agus córas faisnéise, an chéad reachtaíocht uile-Aontais maidir leis an gcibearshlándáil.

I bhfianaise timpeallacht riosca atá níos casta ná riamh, tagann Treoir nua CER in ionad Threoir 2008 maidir le Bonneagar Criticiúil Eorpach. Leis na rialacha nua, neartófar athléimneacht an bhonneagair chriticiúil i leith réimse bagairtí, lena n-áirítear guaiseacha nádúrtha, ionsaithe sceimhlitheoireachta, bagairtí cos istigh, nó sabaitéireacht. Cumhdófar 11 earnáil: fuinneamh, iompar, baincéireacht, bonneagair an mhargaidh airgeadais, sláinte, uisce óil, fuíolluisce, bonneagar digiteach, riarachán poiblí, spás agus bia. Beidh ar na Ballstáit straitéis náisiúnta a ghlacadh agus measúnuithe riosca rialta a dhéanamh chun eintitis a shainaithint a mheastar a bheith criticiúil nó ríthábhachtach don tsochaí agus don gheilleagar.

Tá 21 mhí ag na Ballstáit chun an dá Threoir a thrasuí sa dlí náisiúnta. Le linn na tréimhse sin, glacfaidh agus foilseoidh na Ballstáit na bearta is gá chun iad a chomhlíonadh.

I mí na Nollag 2022, ghlac an Chomhairle moladh maidir le cur chuige comhordaithe uile-Aontais chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil a neartú i gcás ina n-iarrtar ar na Ballstáit dlús a chur leis an obair ullmhúcháin chun NIS 2 agus an Treoir maidir le hathléimneacht eintiteas criticiúil (CER) a thrasuí agus a chur i bhfeidhm. 

Tuilleadh eolais