Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An treoir maidir le sonraí oscailte: Iarrann an Coimisiún ar an Rómáin agus ar an tSlóivéin rialacha an Aontais maidir le sonraí oscailte agus athúsáid sonraí ón earnáil phoiblí a chomhlíonadh

Tá tuairimí réasúnaithe seolta ag an gCoimisiún Eorpach chuig an Rómáin agus chuig an tSlóivéin ag iarraidh faisnéis a chur in iúl faoin gcaoi a ndéantar rialacha an Aontais maidir le sonraí oscailte agus athúsáid sonraí ón earnáil phoiblí (Treoir AE 2019/1024, dá ngairtear an Treoir maidir le Sonraí Oscailte) a thrasuí sa dlí náisiúnta.

graphic showing a person working on a tablet with data displayed on a virtual screen

iStock photo Getty images plus

Cé go ndeachaigh an spriocdháta trasuímh in éag an 17 Iúil 2021, theip fós ar na Ballstáit a liostaítear thuas a mbearta náisiúnta uile a chur in iúl, d’ainneoin na litreacha fógra fhoirmiúil a seoladh an 30 Meán Fómhair 2021.

Is é is aidhm don Treoir maidir le sonraí oscailte agus athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí, a glacadh an 20 Meitheamh 2019, leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le sonraí agus cuidíonn sí le níos mó den chomhthiomsú ollmhór luachmhar d’acmhainní sonraí arna dtáirgeadh ag an earnáil phoiblí a chur ar fáil lena n-athúsáid. Laghdóidh sé sin na bacainní ar iontráil sa mhargadh do FBManna trí chostais laghdaithe ar athúsáid sonraí, cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil agus méadófar deiseanna gnó trí chomhroinnt sonraí trí chomhéadain feidhmchláir (APInna). Leis an Treoir, spreagtar forbairt réiteach nuálach amhail aipeanna soghluaisteachta, méadaítear trédhearcacht tríd an rochtain ar shonraí taighde a mhaoinítear go poiblí a oscailt, agus tacaítear le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear an intleacht shaorga. Gan freagra sásúil a fháil ó na Ballstáit sin laistigh de dhá mhí, féadfaidh an Coimisiún cinneadh a dhéanamh an t-ábhar a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Tuilleadh eolais