Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

An tAontas chun beagnach leathbhilliún euro a infheistiú i dteicneolaíochtaí ceannródaíocha agus i dtaighde — Tionscadail Cuid a Dó

Rachaidh infheistíocht an Aontais chun tairbhe don taighde agus don fhorbairt teicneolaíochta in NextGen Internet, ábhair dhéthoiseacha, mórshonraí, agus comhar idirnáisiúnta an Aontais.

©Gettyimages

Tá an tAontas ag ullmhú chun beagnach leath billiún euro a infheistiú i dteicneolaíochtaí digiteacha ceannródaíocha, tar éis an rogha is déanaí de thograí ó shraith glaonna de chuid an Chláir Fís Eorpach lena gcuirtear borradh faoin taighde agus faoin bhforbairt chomhoibríoch ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Ciallaíonn sé sin borradh a chur faoin infheistíocht san intleacht shaorga; mórshonraí, róbataic, réaltacht leathnaithe, candam, fótónaic agus braiteoirí, an chéad ghlúin eile den idirlíon, agus ábhair dhéthoiseacha. Tá na príomhtheicneolaíochtaí sin go léir mar bhonn agus mar thaca ag neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa agus is iad na príomhchumasóirí iad chun aistriú chuig todhchaí dhigiteach, inbhuanaithe agus chuimsitheach.

Roghnaíodh beagnach 90 tionscadal tar éis próiseas meastóireachta piaraí.

Le meascán cothrom de rannpháirtithe tionscadail ón saol acadúil agus ó eagraíochtaí taighde le gníomhaithe tionscail, lena n-áirítear ionadaíocht láidir ó FBManna, beidh an Eoraip ag múnlú ardteicneolaíochtaí digiteacha do thionscal Eorpach a bhfuil ceannaireacht dhomhanda aige sna príomhréimsí taighde agus infheistíochta teicneolaíche sin.

Idirlíon na Chéad Ghlúine Eile

 

Maidir le hIdirlíon naChéad Ghlúine Eile a mhaoiniú,áireofar ar naseacht dtionscadal roghnaithe (a bhfuil buiséad EUR 47 milliún san iomlán acu) rannpháirtithe a thagann ó níos mó ná 15 thír agus atá ag obair sa saol acadúil agus in eagraíochtaí taighde, agus is ón tionsclaíocht a thiocfaidh beagnach leath díobh (agus ar FBManna iad dhá thrian díobh arís).

Tacóidhceithre cinn de na tionscadail roghnaithe go gníomhach le nuálaíochtaí roghnaithe ón Idirlíon den Chéad Ghlúin Eile a thriail ar bhonn píolótach, rud a chothóidh glacadh níos leithne na dteicneolaíochtaí sin. Cuirfidh ceann de na tionscadail roghnaithe sin córas leictreonach nua slán íocaíochta i bhfeidhm do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus do bhainc na hEorpa, a chuirfearar fáil mar chóras íocaíochta ó bhainc mhiondíola. Déanfar é a phíolótú i dtrí réimse gníomhaíochta eacnamaíche. Oibreoidh sé in earnáil na foilsitheoireachta le go mbeidh sí ina modh íocaíochta inmharthana d’fhoilsitheoirí agus d’iriseoirí neamhspleácha leabhar, in earnáil na r-Shláinte, áit a gcuideoidh sé le príobháideachas an íocóra a ráthú, agus san éiceachóras forbartha bogearraí saor in aisce agus foinse oscailte, áit a dtacóidh sé le tabhartais agus gealltanais a thabhairt.

Le tionscadal eile bunófar ciste a bheidh tiomnaithe chun tacú le nuálaithe éirimiúla a chuirfidh raon leathan teicneolaíochtaí idirlín foinse oscailte ar fáil a chumhachtóidh an gréasán 4.0 a bheidh ann amach anseo. Cuirfidh an ciste seo ionad ilfhreastail ar fáil do na nuálaithe sin, trí thacaíocht a thabhairt dóibh chun inbhuanaitheacht bhreise a réiteach a áirithiú (amhail ceadúnú, samhlacha gnó, nó iniúchtaí slándála). In éineacht le gníomhaíocht tacaíochta beartais, cuirfidh na tionscadail ar fad a roghnófar le seasamh NGI mar ghníomhaí riachtanach le haghaidh comhbheartais dhigiteacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach.

 

Ábhair dhéthoiseacha

 

I réimse na n -ábhar déthoiseach (2D), tabharfaidh ceithre thionscadal a bhfuil buiséad iomlán de níos mó ná EUR 15 milliún acu aghaidh ar ábhair nua 2T a aimsiú agus ar shábháilteacht mhéadaithe in úsáid ábhar 2D. Tagann an glao seo i gcomharbacht ar ghlao na bliana seo caite. Is ionann an dá ghlao le chéile agus leanúint ar aghaidh i bhFís Eorpach de Thionscnamh Suaitheanta Graifíne rathúil. Is ó bhreis agus 13 thír a thagann na rannpháirtithe sna tionscadail sin, agus os cionn an ceathrú cuid acu ón earnáil phríobháideach, ar fiontair bheaga agus mheánmhéide a bhformhór.

Tá sé d’aidhm ag trí cinn de na tionscadail sin ábhair nua 2T a aimsiú agus modhanna nua monaraithe a fhorbairt, go háirithe trí phróisis a fhaigheann cúnamh ó IS. Forbróidh an ceathrú tionscadal modhanna nua freisin, agus an uair seo cinnteoidh sé go mbeidh ábhair 2D sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh. Oibreoidh na tionscadail sin ar réimsí nua iarratais amhail LEDanna, grianchealla, ábhair chandamach agus spréatéinic, ag comhlánú na naoi dtionscadal a roghnaíodh anuraidh, a bhí dírithe ar stóráil fuinnimh, feistí bithleighis, ábhair ilchodacha, agus leictreonaic.

 

Mórshonraí

 

 

Tá dhá thionscadal roghnaithe, a bhfuil buiséad iomlán EUR 3 mhilliún ag gabháil leo, ina measc rannpháirtithe ó dheich dtír, ó thíortha comhlachaithe amhail an Eilvéis agus an Iorua agus ó thíortha eile amhail SAM, an tSeapáin agus an Chóiré. Tagann formhór na gcomhpháirtithe ón saol acadúil agus ó eagraíochtaí taighdes.

Tacóidhan chéad tionscadal le fís choiteann agus comhoibriú taighde le Fondúireacht Náisiúnta Eolaíochta na Stát Aontaithe (NSF) maidir le taighde bunúsach agus coincheapa nua le haghaidh ríomhaireacht dháilte agus faisnéis chasta. Leis an dara tionscadal, cruthófar líonra buan Eorpach saineolaithe chun tacú le comhordú taighde agus beartais leanúnachais ríomhaireachta néal cognaíoch go ciumhais, chomh maith ledul i mbun tionscnaimh ábhartha le tíortha atá ar aon intinn leo — agus béim ar leith á leagan ar an tSeapáin agus ar an gCóiré Theas.

 

 

Comhar idirnáisiúnta

 

Sé thionscadal roghnaithe, a bhfuil buiséad iomlán os cionn EUR 13 mhilliún acu, neartóidh siad clár oibre digiteach an Aontais ar an ardán domhanda i gcomhréir leclár beartais naDeacáide Digití agus leis an Tairseach Dhomhanda. Is é is aidhm do na tionscadail comhar idirnáisiúnta a shaothrú i réimsí amhail Taighde & Nuálaíocht, caighdeánú TFC agus an ealaín dhigiteach. Go luath, tagann an tríú cuid de rannpháirtithe na dtionscadal sin ó earnáil na tionsclaíochta, a eascraíonn as breis agus 20 tír.

Go sonrach, spreagfaidh trí thionscadal comhar taighde agus nuálaíochta idir an tAontas agus réigiúin dhomhanda eile (an tAigéan Ciúin, an Afraic fho-Shahárach agus Meiriceá Laidineach), rud a neartóidh comhpháirtíochtaí straitéiseacha leo. Díreoidh dhá thionscadal ar chaighdeánú digiteach, lena gcuirfear fís choiteann chun cinn le tíortha atá ar aon intinn leo maidir le caighdeánú príomhtheicneolaíochtaí digiteacha, agus lena gcuirfear samhail chaighdeánaithe an Aontais chun cinn ar fud an domhain. Ar deireadh, cuirfidh tionscadal amháin béim ar chur chuige Eorpach maidir le healaín agus cultúr a chomhtháthú le T & N agus le húsáid IS san ealaín, agus ar an gcaoi sin úsáid iontaofa na bhfeidhmchlár intleachta saorga a chur chun cinn. 

 

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

An intleacht shaorga sa chlár DIGITAL Europe

The DIGITAL Europe programme will open up the use of artificial intelligence by businesses and public administrations.

Féach freisin