Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

WiFi4EU: Saoránaigh

Is gearr an mhoill go mbeidh na saoránaigh agus cuairteoirí ar an mbardas laistigh den Aontas Eorpach, go mbeidh nasc Wi-Fi saor in aisce acu i spásanna poiblí a bhuí le WiFi4EU. Is féidir le do bhardas-sa dearbhán a iarraidh chun costais shuiteáil an Wi-Fi a iarraidh, a bhuí leis an gCoimisiún Eorpach.

    " "

Cad é WiFi4EU?

Tionscnamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh is ea WiFi4EU arb é is aidhm dó caoi a thabhairt do bhardais ar nasc Wi-Fi a sholáthar dá bpobal. Mar chuid dá Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach tá sé curtha roimhe féin ag Coimisiún Juncker feabhas a chur ar an nascacht idirlín ar fud na hEorpa. Is chuige sin WiFi4EU. Tá sé d’aidhm ag WiFi4EU líonra uile-Eorpach de baill the phoiblí a chruthú do mhuintir na hEorpa i mbardais ar fud an Aontais Eorpaigh.

WiFi4EU a úsáid

Is féidir leis an mbardas a bhfuil cónaí ort ann iarratas a dhéanamh ar dhearbhán €15,000, dearbhán a chlúdaíonn costas shuiteáil an bhaill the Wi-Fi. Má ghlactar le hiarratas an bhardais, beidh ball te Wi-Fi ann ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad. Fágfaidh sé sin go mbeidh teacht saor in aisce ar an idirlíon ag gach duine a bhfuil cónaí air sa bhardas agus ag cuairteoirí.

WiFi4EU – Wi-Fi saor in aisce duit

Tá úsáid WiFi4EU saor in aisce. De bharr na rialacha atá leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach, cinntítear nach ceadmhach, le linn na tréimhse trí bliana, aon íocaíocht airgeadais a iarraidh, ná aon saghas íocaíocht indíreach eile, trí fhógraíocht ná trí athúsáid sonraí.

WiFi4EU – Do nasc

Beidh sé ríshimplí nascadh le líonra WiFi4EU. Tá sé leagtha síos ag an gCoimisiún Eorpach gurb é ‘WiFi4EU’ an t-ainm (an SSID) a chaithfidh a bheith ar an líonra. Is é an t-ainm céanna a úsáidfear i ngach áit, rud a fhágfaidh go mbeidh sé furasta baill the WiFi4EU a aithint ar fud na hEorpa. Ar nascadh duit den chéad uair leis an líonra Wi-Fi saor in aisce, atreorófar thú chuig leathanach logála isteach slán (tairseach deimhniúcháin). Féadfaidh tú logáil isteach ansin ach clic amháin a dhéanamh. Nuair a bheidh tú nasctha leis an líonra, féadfaidh tú dul ag scimeáil ar líne saor in aisce! Ina theannta sin, má dhínascann tú ón líonra agus go nascann tú leis arís laistigh de 12 uair an chloig, ní bheidh ort logáil isteach arís.

Scríobh chugainn

Latest

PRESS RELEASE |
WiFi4EU: Commission unveils final results of the second call for applications

The European Commission announced the results of the second WiFi4EU call for proposals, which ran from 4 to 5 April. 3,400 municipalities will receive vouchers each worth €15,000 to cover the cost of installing Wi-Fi hotspots in public spaces, including town halls, public libraries, museums, public parks or squares. The total budget for this call was €51 million and applications came from all the countries taking part in the programme, namely EU Member States, Iceland and Norway.

PRESS RELEASE |
WiFi4EU: Questions and Answers

Who will benefit from the WiFi4EU programme? How to apply for WiFi4EU? Are there any specific conditions for the projects?
What is the budget of WiFi4EU?

PRESS RELEASE |
WiFi4EU initiative: how will it work?

The European Parliament, the Council and the Commission reached a political agreement on the WiFi4EU initiative and its funding on 29 May 2017.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

WiFi4EU | Wi-Fi in aisce do mhuintir na hEorpa

Is é is aidhm don tionscnamh WiFi4EU rochtain saor in aisce ar Wi-Fi a thabhairt do shaoránaigh i spásanna poiblí, e.g. páirceanna, cearnóga, foirgnimh poiblí, leabharlanna, ionaid sláinte agus músaeim i mbardais ar fud na hEorpa.

Féach freisin

Wifi4EU: Bardais

Más bardas thú atá laistigh den Aontas Eorpach, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dhearbhán faoi WiFi4EU. Is fiú €15,000 gach dearbhán agus úsáidtear iad chun nasc Wi-Fi saor in aisce a sholáthar do phobal an bhardais.

WiFi4EU: Cuideachtaí Suiteála Wi-Fi

Is éard atá in WiFi4EU tionscnamh lena gcuirfear ar fáil na mílte ball te Wi-Fi a fhéadfar a úsáid saor in aisce, i spásanna poiblí i bpobail ar fud na hEorpa. Is cuideachta suiteála Wi-Fi thú, agus is mian leat tuilleadh eolais a chur ar WiFi4EU agus ar a shonraíochtaí teicniúla...