Is é sprioc an Aontais go mbeidh an Eoraip ar an mór-roinn is nasctha faoi 2030.
Cad is nascacht ann?
Cuimsíonn nascacht líonraí digiteacha, ó struchtúir shoghluaiste agus sheasta go dtí an t-idirlíon, lena n-áirítear cáblaí agus satailítí. Taobh amuigh dá gnéithe teicneolaíochta, áfach, tá gné dhaonna as cuimse ag baint leis an nascacht. Ligeann sé dúinn teagmháil a dhéanamh le daoine eile is cuma cá bhfuil siad ar domhan. Cuireann sé féidearthachtaí gan áireamh i dtearmann ár lámha: is féidir linn an nuacht is déanaí a léamh aon uair agus cibé áit a bhfaighimid áisiúil, ranganna ar líne a leanúint, scileanna a fhoghlaim, agus comhairle a lorg ó Ollúna agus gairmithe is cuma cé chomh fada ar shiúl atá siad. Is féidir linn margaí ar líne a bhrabhsáil freisin chun na táirgí agus na seirbhísí is áisiúla a fháil nó ár gcuid táirgí féin a thairiscint do chustaiméirí ar fud an domhain.
Ó chaighdeáin go líonraí: Aontas nasctha a thógáil
Is é is aidhm do bheartais an Aontais maidir le nascacht rialacháin nascachta a chomhchuibhiú chun seirbhísí tras-Aontais a chothú agus líonraí a leathnú. Eascraíonn na cuspóirí sin as spriocanna nascachta na Deacáide Digití: Ba cheart rochtain a bheith ag teaghlaigh Eorpacha ar chumhdach idirlín ardluais faoi 2025 agus ar nascacht ghigighiotáin faoi 2030.
Déanann an tAontas a dhícheall rialacha caighdeánaithe maidir le seirbhísí nascachta a chur chun feidhme, lena gcothaítear timpeallacht rialála lena ndreasaítear infheistíocht i margaí teileachumarsáide agus lena n-áirithítear tairbhí comhsheasmhacha ar fud chríocha an Aontais. I ndeireadh na dála, tiocfaidh méadú ar rogha na dtomhaltóirí, ar chaighdeáin seirbhíse agus ar inacmhainneacht mar thoradh orthu sin go léir. Rinneadh na cuspóirí sin a shaothrú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear:
- rialacháin teileachumarsáide an Aontais a nuachóiriú agus a chomhdhlúthú i gcreat aontaithe tríd angcód Eorpach don chumarsáid leictreonach a thabhairt isteach
- tacú le coinníollacha teicniúla comhchuibhithe maidir le hidir-inoibritheacht gan sreang ar fud an Aontais tríd an gclár beartais um an speictream raidió
- plé a stiúradh maidir le forbairtagus rialachas domhanda an Idirlín agus nateileachumarsáide
I mí Feabhra 2024, d’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Bán dar teideal How to master Europe’s digital infrastructure needs? [Conas máistreacht a fháil ar riachtanais bhonneagair dhigitigh na hEorpa?]. Cuirtear i láthair sa Pháipéar Bán na dúshláin agus na deiseanna atá roimh an Eoraip faoi láthair maidir le leathadh amach líonraí nascachta amach anseo, agus moltar ann cásanna féideartha gníomhaíochta chun acmhainneachtaí agus slándáil eacnamaíoch an Aontais a neartú i ngach cuid ríthábhachtach den chontanam ríomhaireachta.
Sheol an Coimisiún comhairliúchán roimh an nGníomh um Líonraí Digiteacha, atá beartaithe lena ghlacadh faoi dheireadh 2025.
Leis an nGníomh um Bonneagar Gigighiotáin, tugtar aghaidh ar an ngá atá le nascacht níos tapúla agus níos iontaofa ar fud an Aontais. Féachann sé le dlús a chur le leathadh amach ardlíonraí Gigighiotáin trí phróisis rialála a chuíchóiriú agus trí ualaí riaracháin ar imscaradh líonraí a laghdú. Dírítear sa ghníomh ar nósanna imeachta ceadaithe a shimpliú, ar chomhordú idir oibreoirí líonra a fheabhsú, agus ar a chinntiú go mbeidh nascacht snáithín ag foirgnimh nua.
Tacaíonn an tAontas freisin lelíonraí 5Ga leathnú agus a chur chun feidhme trí chistiú a chur ar fáil,trí threoir theicniúila fhorbairt, agus trí chomhar a chothú i measc saineolaithe. Leis na hiarrachtaí comhbheartaithe sin, déanann an tAontas a dhícheall riaracháin phoiblí agus gnólachtaí poiblí a chumhachtú, a n-iarrachtaí a éascú chun nascacht a chur chun cinn agus leas a bhaint as acmhainneacht chlaochlaitheach theicneolaíocht 5G.
Tacaíonn an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste (SNS JU) le taighde agus forbairt 6G. Ag tús 2024, chuir Comhghnóthas SNS tús le 27 dtionscadal i réimsí teicneolaíochta 6G éagsúla. Cuimsítear leo sin ailtireacht an chórais, cumarsáid gan sreang, bonneagar, seirbhísí iontaofa, slándáil chliste, agus tionchair shochaíocha. Thairis sin, cuireann an tAontas comhar leis na Stáit Aontaithe chun cinn maidir le teicneolaíochtaí ríthábhachtacha 6G, go háirithe iad siúd lena gcomhtháthaítear an Intleacht Shaorga (IS), chun cumais líonra a fheabhsú.
I measc na ngníomhaíochtaí eile a rinne an tAontas roimhe seo tá deireadh a chur le muirirfánaíochta,rud a fhágann gur féidir síntiúis mhóibíleacha a úsáid ar fud an Aontais gan aon chostas breise. Leis an tionscnamh WiFi4EU,maoiníodh suiteáil ball te Wi-Fi saor in aisce i bpobail áitiúla freisin.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
Léargas níos doimhne
-

Leis an nGníomh um Líonraí Digiteacha - DNA - déanfar nuachóiriú ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh...
-

Tá an Coimisiún Eorpach ag obair chun an Eoraip a ullmhú do 6G, rud a chinnteoidh go mbeimid réidh...
-

Is é 5G an teicneolaíocht líonra giniúna nua ríthábhachtach a chumasóidh nuálaíocht agus a thacóidh...
-

Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le gnólachtaí, bainisteoirí tionscadail agus údaráis an Aontais...
-

Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le gnólachtaí, bainisteoirí tionscadail agus údaráis an Aontais...
-

Tá leathanbhanda satailíte ar fáil chun nascacht idirlín thapa a chur ar fáil ar fud gach tíre san...
-

Le rialacha an Aontais cumhdaítear prionsabal na rochtana oscailte ar an idirlíon: déileálfar le...
-

Le Cód an Aontais um Chumarsáid Leictreonach, códaíodh na rialacha lena rialaítear feidhmiú...
-

Wireless communications, via public or private networks, use radio spectrum, i.e. a range of radio...
-

An bhfuil cabhair uait? Is é 112 d'uimhir tharrthála! Is é 112 an uimhir theileafóin éigeandála...
-

Agus tú ag taisteal ar fud an Aontais, is féidir leat do ghuthán a úsáid chun glaoch, téacs agus...
-

Cuireann an tionscnamh WiFi4EU rochtain saor in aisce ar nascacht Wi-Fi chun cinn do shaoránaigh i...
-

Íocann muintir na hEorpa táillí níos ísle agus níos teoranta as glao a chur ar thíortha eile san...
-

Leis an mbosca uirlisí nascachta, cuirtear treoir ar fáil maidir le líonraí snáithín agus 5G a chur...
-

Le caighdeáin agus sonraíochtaí TFC, áirithítear gur féidir le táirgí nascadh agus idiroibriú lena...
WIFI4EU

Cuireann an tionscnamh WiFi4EU rochtain saor in aisce ar nascacht Wi-Fi chun cinn do shaoránaigh i...



