Iarrtar sa Treoir go dtreiseofaí an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis sna réimsí seo a leanas chun cur i bhfeidhm iomlán agus comhsheasmhach a áirithiú ar fud na ngeallsealbhóirí agus thíortha an Aontais:
- Rannpháirtíocht níos mó le gealltanais shaincheaptha
- Díairgeadú níos fearr a dhéanamh ar an mbréagaisnéis
- Sláine seirbhísí a áirithiú
- Cumhachtú úsáideoirí a fheabhsú
- Cumhdach seiceála fíricí a mhéadú agus rochtain mhéadaithe ar shonraí a chur ar fáil do thaighdeoirí
- Creat faireacháin níos láidre a chruthú
Iarrann an Coimisiún freisin ar shínitheoirí an Chóid Cleachtais Lárionad Trédhearcachta a fhorbairt ina léiríonn siad cé na beartais a ghlac siad chun gealltanais an Chóid a chur chun feidhme, an chaoi ar forfheidhmíodh iad, agus na sonraí agus na méadrachtaí go léir atá ábhartha do na Príomhtháscairí Feidhmíochta a thaispeáint. Moltar sa Treoir freisin tascfhórsa buan a bhunú faoi chathaoirleacht an Choimisiúin.
Na chéad chéimeanna eile
Ba cheart do shínitheoirí an Chóid Cleachtais teacht le chéile chun an Cód a neartú i gcomhréir leis an treoir ón gCoimisiún agus chun an chéad dréacht a thíolacadh san fhómhar.