Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Report / Study | Foilseachán

Torthaí an staidéir ar an Margadh Sonraí Eorpach 2017-2020

Cuirtear fíricí agus figiúirí ar fáil sa staidéar chomh maith le sraith scéalta cainníochtúla maidir le nuálaíocht shonraíbhunaithe chun bonn taca a chur faoi raon beart beartais spriocdhírithe lena dtugtar aghaidh ar gheilleagar sonraí an Aontais. Le cabhair ó thorthaí an staidéir, tá sé níos éasca anois measúnú fíorasach a fháil ar an acmhainneacht ollmhór shocheacnamaíoch a bhaineann leis an spás coiteann sonraí Eorpach.

Ba é an chéad staidéar ar an Margadh Sonraí Eorpach (SMART 2013/0063) a rinne an Coimisiún Eorpach in 2013 a rinne an chéad iarracht fíricí agus figiúirí a sholáthar maidir le méid agus treochtaí gheilleagar sonraí an Aontais trí uirlis Eorpach chun faireachán a dhéanamh ar an margadh sonraí a fhorbairt.

Sa tuarascáil deiridh ón staidéar nuashonraithe ar an Margadh Eorpach Sonraí (EDM) (SMART 2016/0063) cuirtear i láthair go mion anois torthaí an bhabhta deiridh tomhais den Uirlis Eorpach um Fhaireachán ar an Margadh Sonraí nuashonraithe a conraíodh don tréimhse 2017-2020.

Dearadh an Uirlis Eorpach um Fhaireachán ar an Margadh Sonraí de réir struchtúr modúlach, mar chéad cholún den staidéar, agus tá sí bunaithe ar chroíshraith táscairí cainníochtúla chun sraith measúnuithe a sholáthar ar an margadh sonraí atá ag teacht chun cinn faoi láthair, i.e. do na blianta 2018 go 2020, agus le réamh-mheastacháin go dtí 2025.

Is iad seo a leanas na príomhréimsí a chumhdaítear leis na táscairí a thomhaistear sa tuarascáil seo:

  • Na gairmithe sonraí agus an chothromaíocht idir éileamh agus soláthar scileanna sonraí;
  • Na cuideachtaí sonraí agus a n-ioncam;
  • Na cuideachtaí úsáideoirí sonraí agus a gcaiteachas ar theicneolaíochtaí sonraí;
  • Margadh na dtáirgí agus na seirbhísí digiteacha (“an margadh sonraí”);
  • An geilleagar sonraí agus an tionchar atá aige ar gheilleagar na hEorpa.
  • Cásanna réamh-mheasta de na táscairí go léir, bunaithe ar chonairí margaidh malartacha.

Ina theannta sin, mar an dara mórshruth oibre, cuirtear sraith scéalta tuairisciúla i láthair sa staidéar freisin ina dtugtar léargas comhlántach ar an gceann a chuirtear ar fáil leis an Uirlis Faireacháin (mar shampla, ‘How Big Data driving AI’ nó ‘The Secondary Use of Health Data and Data-driven Innovation in the European Healthcare Industry’ [Conas atá Mórshonraí ag cur IS chun cinn’ nó ‘Úsáid Thánaisteach Sonraí Sláinte agus Nuálaíocht Sonraí-bhunaithe i dTionscal Cúraim Sláinte na hEorpa’), rud a chuireann faisnéis nua, fíorshaoil ar fáil maidir leis na táscairí cainníochtúla. Trí dhíriú ar shaincheisteanna agus ar ghnéithe sonracha den mhargadh sonraí, cuireann na scéalta “catalóg” tosaigh, táscach de dhea-chleachtais ar fáil maidir lena bhfuil ag tarlú sa gheilleagar sonraí sa lá atá inniu ann san Eoraip agus cad is dócha a dhéanfaidh difear d’fhorbairt gheilleagar sonraí an AE sa mheántéarma.

Ar deireadh, mar thríú sruth oibre an staidéir, rinneadh cleachtadh tírdhreachaithe ar éiceachóras sonraí an Aontais in éineacht le roinnt gníomhaíochtaí tógála pobail chun páirtithe leasmhara a thabhairt le chéile ó gach cuid den slabhra luacha sonraí. Tá an léarscáil ar a bhfuil torthaí thírdhreachú gheilleagar sonraí an Aontais chomh maith le tuarascálacha ó na seimineáir ghréasáin arna n-eagrú ag an staidéar ar fáil ar shuíomh gréasáin DataLandscape.

Íoslódálacha

EDM Data Set.xlsx
Íoslódáil 
EDM Executive summary ENG.pdf
Íoslódáil 
EDM Executive summary FR.pdf
Íoslódáil 
EDM Final study report.pdf
Íoslódáil 
EDM_Methodology_Inception Report_for Europa
Íoslódáil 
Final Report on Facts and Figures_for Europa
Íoslódáil 
Final Report on Policy Conclusions_for Europa
Íoslódáil