Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

D’oscail an Coimisiún imeachtaí foirmiúla i gcoinne Meta faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha a bhaineann le mionaoisigh a chosaint ar Facebook agus Instagram

Tá imeachtaí foirmiúla tionscanta ag an gCoimisiún chun a mheas an bhféadfadh sé gur sháraigh Meta, soláthraí Facebook agus Instagram, an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) i réimsí a bhaineann le cosaint mionaoiseach.

Commission opens formal proceedings against Meta under the Digital Services Act related to the protection of minors on Facebook and Instagram

Tá imní ar an gCoimisiún go bhféadfadh córais Facebook agus Instagram araon, lena n-áirítear a n-algartaim, andúil iompraíochta a spreagadh i leanaí, chomh maith le ‘héifeachtaí ar pholl coinín’, mar a thugtar orthu, a chruthú. Ina theannta sin, is cúis imní don Choimisiún freisin na modhanna dearbhaithe aoise agus fíoraithe a chuir Meta i bhfeidhm.

Tá tionscnamh na n-imeachtaí bunaithe ar réamhanailís ar an tuarascáil ar an measúnú riosca a sheol Meta i mí Mheán Fómhair 2023, ar fhreagraí Metaar iarrataí foirmiúla an Choimisiúin ar fhaisnéis (maidir le mionaoisigh a chosaint agus modheolaíocht an mheasúnaithe riosca),ar thuarascálacha atá ar fáil go poiblí chomh maith le hanailís an Choimisiúin féin.

Léigh an phreaseisiúint iomlán agus foghlaim tuilleadh faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha.