Eascraíonn an Moladh sin as an Teachtaireacht Chomhpháirteach maidir le Straitéis Eorpach um Shlándáil Eacnamaíoch lenar cuireadh cur chuige straitéiseach cuimsitheach i bhfeidhm i leith na slándála eacnamaíche san Aontas.
Baineann an Moladh seo leis an measúnú ar cheann amháin de cheithre chineál riosca sa chur chuige cuimsitheach sin, eadhon riosca teicneolaíochta agus sceitheadh teicneolaíochta. Is de chineál oibiachtúil a bheidh an measúnú riosca, agus ní fhéadfar a thorthaí ná aon bhearta leantacha a thuar ag an gcéim seo. Sa Mholadh, tá liosta de dheich réimse teicneolaíochta ríthábhachtacha curtha i láthair ag an gCoimisiún.