Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin: ár gcomhpháirtíocht a neartú

Tá an tSeapáin ar cheann de na comhghuaillithe is dlúithe atá ag an Aontas Eorpach. Athdhearbhaíodh é sin le linn an 28ú Cruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSeapáin Déardaoin i dTóiceo le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel agus Príomh-Aire na Seapáine, Fumio Kishida.

photo of Charles michel, Fumio Kishida, Ursula von der Leyen at the common press conference

European Union, 2022

Sa domhan seo atá ag éirí níos dothuartha, féachann an tAontas lena chaidreamh le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis a neartú. Inniu, ghlac an tAontas agus an tSeapáin céimeanna tábhachtacha chun a gcaidreamh a thabhairt chun cinn, ó theicneolaíochtaí digiteacha, trádáil agus infheistíochtaí, gníomhú ar son na haeráide, cosaint na bithéagsúlachta, forbairt inbhuanaithe agus slándáil.

Ina ráiteas preasa, dúirt an tUachtarán von der Leyen:

Tá an oiread sin i gcoiteann ag an Aontas agus ag an tSeapáin. Ár luachanna ar ndóigh — an daonlathas agus an smacht reachta. Ár samhail eacnamaíoch. Chomh maith le fís áirithe den domhan. Cuirimid córas domhanda iltaobhach chun cinn araon, bunaithe ar rialacha atá ceaptha chun gach duine a chosaint agus chun tairbhe do chách. Agus is amhlaidh go díreach mar go dtugtar dúshlán na físe sin go minic sa lá atá inniu ann, go bhfuil an tAontas ag iarraidh an caidreamh atá aige le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis, amhail an tSeapáin, a neartú. Ag an gcruinniú mullaigh seo, phléamar bealaí chun ár gcomhpháirtíocht a dhoimhniú. Le snáitheanna nithiúla oibre a chruthóidh deiseanna dár ngeilleagair agus dár saoránaigh. Agus cuideoidh sé sin, ag an am céanna, linn aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ár réigiún.

Ag an gcruinniú mullaigh, thug an tAontas agus an tSeapáin Comhpháirtíocht Dhigiteach i gcrích, an chéad cheann a shíníonn an tAontas le tír chomhpháirtíochta. Fóram a thabharfaidh stiúradh polaitiúil agus spreagadh polaitiúil d’obair chomhpháirteach ar theicneolaíochtaí digiteacha i réimsí amhail 5G slán, teicneolaíochtaí/6G ‘Beyond 5G’, feidhmchláir shábháilte eiticiúla na hintleachta saorga, nó athléimneacht slabhraí soláthair domhanda sa tionscal leathsheoltóra.

Chomhaontaigh siad freisin tús oifigiúil a chur le cainteanna tosaigh maidir leis an gcomhlachas le Fís Eorpach, agus dlús a chur le cur chun feidhme Chomhaontas Glas an Aontais don tSeapáin.

Ba dhíol sásaimh dóibh gur cuireadh bailchríoch ar an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú Cothrománach Eitlíochta agus oibreoidh siad i dtreo socruithe slándála eitlíochta aon-stad a bhunú go luath. Tháinig an tAontas agus an tSeapáin ar chomhaontú maidir le tuilleadh céimeanna chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche chun tacú le téarnamh eacnamaíoch tar éis na paindéime. Le straitéis Thairseach Dhomhanda an Aontais, cuirtear deiseanna nua ar fáil le haghaidh comhair agus infheistíochtaí i mbonneagar slán inbhuanaithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus in áiteanna eile, go háirithe maidir le tionscadail nithiúla.

Phléigh na ceannairí ionsaí míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus a tonnta suaimhneacha ar fud an domhain, chomh maith lena bhfuil ag titim amach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach. Léiríonn freagairt choiteann an Aontais agus na Seapáine ar an gcogadh san Úcráin go bhfuil rún daingean acu an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus an t-iltaobhachas éifeachtach a chosaint.

Tuilleadh eolais