Sainaithnítear sa tuarascáil bagairtí ar líonraí cumarsáide agus ar bhonneagar cumarsáide, a bhaineann leas as leochaileachtaí agus a d’fhéadfadh a bheith ina rioscaí suntasacha do shlándáil agus d’athléimneacht an bhonneagair nascachta. Áirítear ar na torthaí maidir le bagairtí a sainaithníodh, i measc nithe eile, cuimilteoirí, ar féidir leo sonraí maidir le córais spriocdhírithe, ionsaithe bogearraí éirice, ionsaí ar an slabhra soláthair agus ionsaithe fisiciúla a scriosadh nó a thruailliú.
Bunaithe ar na torthaí sin agus, sa bhreis ar na cásanna riosca a sainaithníodh cheana i measúnú comhordaithe riosca an Aontais ar líonraí 5G, forbraíonn an tuarascáil deich gcinn de chásanna riosca straitéiseacha, amhail ionsaí ar an slabhra soláthair chun rochtain a fháil ar bhonneagar oibreoirí nó ionsaí sabaitéireachta fisiciúil comhordaithe ar bhonneagar digiteach.
Mar obair leantach láithreach chun na rioscaí sin a mhaolú, cuirtear ar aghaidh sa tuarascáil moltaí straitéiseacha agus teicniúla do na Ballstáit, don Choimisiún agus do ENISA, moltaí ba cheart a chur chun feidhme a luaithe is féidir. Áirítear ar na moltaí sin cibearchleachtaí, tástáil struis ar bhonneagar criticiúil, criticiúlacht, athléimneacht agus measúnú iomarcaíochta ar an gcroí-bhonneagar Idirlín, lena n-áirítear cáblaí fomhuirí, nó malartú dea-chleachtas i measc na n-údarás náisiúnta maidir le hionsaithe fisiciúla ar an mbonneagar digiteach.
Is obair leantach í an tuarascáil ar an nglao comhpháirteach ó chruinniú neamhfhoirmiúil Chomhairle na nAirí Teileachumarsáide a eagraíodh i Nevers na Fraince an 9 Márta 2022. Rannchuidíonn an tuarascáil seo freisin le sruth oibre faoi Cholún III — Bonneagair dhigiteacha shlána athléimneacha don Eoraip, den Pháipéar Bán a glacadh inniu dar teideal How to master Europe’s digital infrastructure needs? [Conas is féidir máistreacht a fháil ar riachtanais bhonneagair dhigitigh na hEorpa].
Tá tuilleadh eolais le fáil sa tuarascáil.