Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Leag ardáin ar líne béim ar leith ar thoghcháin sa tríú baisc tuarascálacha faoin gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis

Inniu, d’fhoilsigh sínitheoirí an Chóid Cleachtais maidir le Bréagaisnéis, lena n-áirítear mórardáin ar líne amhail Google, Meta, Microsoft agus TikTok, an tríú sraith tuarascálacha ina sonraítear na gníomhaíochtaí atá á ndéanamh acu chun leathadh na bréagaisnéise ar líne a chomhrac, agus béim ar leith á leagan ar na toghcháin Eorpacha atá ar na bacáin i mí an Mheithimh.

Online platforms put special focus on elections in the third batch of reports under the Code of Practice on Disinformation

© Alicja Nowakowska GettyImages

Ar fáil ar an Lárionad Trédhearcachta, léirítear sna tuarascálacha na bearta atá curtha chun feidhme cheana féin ag sínitheoirí nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a ghlacadh ar aghaidh agus le linn na dtoghchán Eorpach, chomh maith le coimircí a bhaineann leis na rioscaí a bhaineann le IS giniúnach.

Seo mar a labhair Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht:

Is uirlis lúfar é an Cód, ina dtagann an réimse iomlán gníomhaithe, lena n-áirítear ardáin, an tsochaí shibhialta, an tionscal fógraíochta, etc. le chéile chun oibriú ar na bearta is fearr is féidir chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun rioscaí cúblála faisnéise a laghdú. Agus na bearta atá á ndéanamh acu á leagan amach ag na hardáin, molaim dóibh dlús a chur lena n-iarrachtaí chun a bheith ullamh agus freagairt go tapa ar ionramháil eachtrach faisnéise agus bagairtí bréagaisnéise le linn toghcháin.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Agus saoránaigh na hEorpa ag caitheamh vóta go luath ar son Pharlaimint na hEorpa nua, ní mór d’ardáin gach uirlis atá ar fáil dóibh a úsáid, ó mhodhnú ábhair go lipéadú domhainbhrionnuithe, chun timpeallacht faisnéise atá saor agus cothrom a chinntiú. Leis na treoirlínte toghcháin DSA atá á gcur i láthair againn inniu, sonraímid a bhfuil súil againn leo chun gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh de na hoibleagáidí sin. Ní bhaineann sé seo le comhlíonadh amháin; baineann sé le bunchlocha ár ndaonlathas féin a chosaint.

Sna tuarascálacha sin, cuireann ardáin a mbearta ar fáil chun sláine na dtoghchán a chosaint, amhail ceangal a chur ar fhógróirí nó ar chruthaitheoirí lipéad a chur go soiléir ar aon uair a chruthaítear nó a athraítear íomhá, físeán nó fuaim go digiteach, comhoibriú le heagraíochtaí seiceála fíricí, faisnéis ardcháilíochta agus údarásach a chur chun cinn do vótálaithe, agus litearthacht sna meáin agus feachtais réamhbhréagnaithe spriocdhírithe a fhorbairt. Foilsíodh na chéad tuarascálacha i mí Feabhra 2023 agus i mí Mheán Fómhair 2023. Táthar ag súil leis an gcéad tacar eile i bhfómhar 2024.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an nós imeachta a sheoladh go pras maidir leis an gCód Cleachtais a aithint mar Chód Iompair faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha. Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún na chéad treoirlínte DSA riamh maidir le toghcháin d’ ardáin an-mhór ar líne agus d’innill chuardaigh an-mhór ar líne.

 

Tuilleadh eolais faoin gCód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis