Cumhdaítear leis na KPInna líon na n-atarchur neamhúdaraithe spóirt agus imeachtaí beo eile sna Ballstáit, láimhseáil phras fógraí maidir leis na himeachtaí sin, an comhar idir na gníomhaithe margaidh ábhartha, úsáid urghairí dinimiciúla, chomh maith le hinfhaighteacht agus ardú feasachta na tairisceana dlíthiúla.
Rinneadh KPInna a shainiú le tacaíocht ón bhFaireachlann Eorpach um Sháruithe ar Chearta Maoine Intleachtúla arna óstáil ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (‘Faireachlann EUIPO’).
Chuathas i gcomhairle le sealbhóirí ceart, soláthraithe seirbhísí idirghabhálacha, agus údaráis phoiblí agus KPInna á n-ullmhú. Go háirithe, iarradh ar na páirtithe leasmhara a n-aiseolas a chur ar fáil trí thrí cheardlann saineolaithe ar líne a d’eagraigh Faireachlann EUIPO i mí an Mheithimh 2023.
Na chéad chéimeanna eile
Iarrfar ar na páirtithe leasmhara na sonraí ábhartha maidir leis na heochairtháscairí feidhmíochta éagsúla a chur isteach go tráthrialta. Ullmhóidh Faireachlann EUIPO teimpléad chun bailiú sonraí a éascú.
Ar bhonn an chleachtaidh faireacháin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar éifeachtaí an Mholta maidir le hatarchur neamhúdaraithe spóirt bheo agus imeachtaí beo eile faoin 17 Samhain 2025.
Cúlra
Moladh maidir le píoráideacht spóirt agus imeachtaí beo eile ar líne a chomhrac