
I mbliana, den chéad uair riamh, tá anailís ag gabháil leis an tuarascáil ar natreochláir straitéiseacha náisiúnta maidir leis an Deacáid Dhigiteach arna gcur i láthair ag na Ballstáit, ina sonraítear na bearta náisiúnta, na gníomhaíochtaí agus an cistiú atá beartaithe chun cur le claochlú digiteach an Aontais.
Léiríonn anailís an Choimisiúin, sa chás reatha, nach n-éireoidh le hiarrachtaí comhchoiteanna na mBallstát leibhéal uaillmhéine an Aontais a bhaint amach. Áirítear ar na bearnaí a sainaithníodh an gá atá le hinfheistíochtaí breise, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, go háirithe i réimsí na scileanna digiteacha, na nascachta ardcháilíochta, ghlacadh na hIntleachta Saorga (IS) agus na hanailísíochta sonraí ag fiontair, an táirgthe leathsheoltóirí agus na n-éiceachóras nuathionscanta.
Tá ról tábhachtach ag an Aontas agus ag na Ballstáit araon maidir leis an gcreat dlíthiúil nua a fhorfheidhmiú, gníomhaíocht a dhéanamh chun scaipeadh teicneolaíochtaí digiteacha a chothú agus a áirithiú go mbeidh scileanna digiteacha leordhóthanacha ag a shaoránaigh chun tairbhe iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach. Sin é an fáth gur glao í tuarascáil na bliana seo ar ghníomhaíocht neartaithe do na Ballstáit a bheith níos uaillmhianaí, ós rud é go bhfuil sé ríthábhachtach spriocanna na Deacáide Digití maidir le bonneagar digiteach, gnólachtaí, scileanna agus seirbhísí poiblí a bhaint amach do rathúnas eacnamaíoch agus comhtháthú sochaíoch an Aontais amach anseo.
Sa chomhthéacs sin, thug an Coimisiún moltaí tírshonracha agus trasearnálacha cothrom le dáta freisin do gach Ballstát den Aontas chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí a sainaithníodh.
Léigh an phreaseisiúint iomlán.
Faigh tuilleadh eolais
- Tuarascáil 2024 ar Staid na Deacáide Digití
- Leathanach eolais maidir le Staid na Deacáide Digití
- Leathanaigh eolais maidir le tuarascálacha tíre na Deacáide Digití
- Eorabharaiméadar maidir le Staid na Deacáide Digití 2024
- Deacáid Dhigiteach na hEorpa
- Dearbhú maidir le Cearta Digiteacha agus Prionsabail Dhigiteacha