Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Consultation | Foilseachán

Comhairliúchán poiblí maidir le sraith de Phrionsabail Dhigiteacha Eorpacha

Mar obair leantach ar an Teachtaireacht ón Deacáid Dhigiteach an 9 Márta, sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir le sraith prionsabal digiteach a fhoirmliú chun luachanna an Aontais sa spás digiteach a chur chun cinn agus a chaomhnú. Leis an gcomhairliúchán seo, a bheidh ar oscailt go dtí an 2 Meán Fómhair 2021, féachtar le díospóireacht shochaíoch leathan a oscailt agus tuairimí a bhailiú ó shaoránaigh, ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ón tsochaí shibhialta, ó ghnólachtaí, ó údaráis riaracháin agus ó na páirtithe leasmhara uile. Beidh na prionsabail sin ina dtreoir ag an Aontas agus ag na Ballstáit maidir le rialacha agus rialacháin dhigiteacha a cheapadh lena mbainfear tairbhe as an digitiú do gach saoránach.

graphic of people and interconnections

istock photo Getty images

Leag an Coimisiún amach a fhís maidir le claochlú digiteach na hEorpa faoi 2030 sa Teachtaireacht uaidh dar teideal Digital Compass: an bealach Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha”, agus mhol sé sraith prionsabal digiteach a thiomsú. Clúdaíonn sé seo réimsí ar nós

  • rochtain ar sheirbhísí idirlín
  • an t-oideachas digiteach agus na scileanna is gá chun gur féidir le daoine páirt ghníomhach a ghlacadh sa tsochaí agus i bpróisis dhaonlathacha
  • seirbhísí poiblí digiteacha daonlárnacha agus riarachán poiblí digiteach daonlárnach
  • seirbhísí sláinte digiteacha
  • timpeallacht shlán iontaofa ar líne
  • córais dhigiteacha agus gléasanna digiteacha lena n-urramaítear an comhshaol
  • cosaint agus cumhachtú leanaí agus daoine óga sa spás ar líne
  • prionsabail eiticiúla le haghaidh algartaim duinelárnach

Comhlánóidh na prionsabail sin na cearta atá ann cheana a chosnaíonn agus a chumhachtaíonn Eorpaigh ar líne cheana féin amhail cosaint a sonraí pearsanta agus a bpríobháideachais, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun gnó a bhunú agus a sheoladh ar líne nó cosaint a gcruthaithe intleachtúla.

Iarrtar ar rannpháirtithe an chomhairliúcháin phoiblí freisin foirmlí malartacha a mholadh nó prionsabail eile a d’fhéadfadh a bheith ann a ullmhú.

Beidh an comhairliúchán ar oscailt ón 12 Bealtaine go dtí an 2 Meán Fómhair 2021 agus tá sé ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais.

Ní bhreithneofarfreagraí a gheofar tar éis an dáta deiridh. Moltar freagraí níos luaithe.

Freagra a thabhairt ar líne

Agus ag freagairt ar líne, is féidir sos a chur ort ag am ar bith agus leanúint ar aghaidh níos déanaí. Is féidir leat cóip de d’aighneacht a íoslódáil tar éis duit í a sheoladh.

D’fhoilsighan Coimisiún treochlár maidir leis an tionscnamh seo freisinan 12 Bealtaine, atá ar fáil le haghaidh aiseolais go dtí an 9 Meitheamh 2021.

Related content