
©Gettyimages
Is é is aidhm don chomhairliúchán spriocdhírithe seo aiseolas a bhailiú ó pháirtithe leasmhara agus ó na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm an chirt aonair um luach saothair cothromasach faoi Airteagal 8(2) de Threoir 2006/115/CE maidir le cearta cíosa agus iasachta sna Ballstáit éagsúla. Féachann sé freisin le faisnéis agus fianaise a bhailiú maidir le hiarmhairtí bhreithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gcás C-265/19 (breithiúnas ‘RAAP’) chomh maith le haiseolas maidir leis na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag togra reachtach. Sa Ghlao ar Fhianaise a foilsíodh i mí Iúil 2022, luaigh an Coimisiún go raibh tionscnamh á mheas aige arb é is aidhm dó cómhalartacht ábhartha a thabhairt isteach le haghaidh luach saothair taibheoirí agus táirgeoirí fónagram tríú tír.
Cé atá in ann páirt a ghlacadh ann?
Tá an comhairliúchán seo dírithe go sonrach ar pháirtithe leasmhara i dtionscal an cheoil thaifeadta, amhail taibheoirí ceoil, táirgeoirí taifeadta, gníomhaithe eile laistigh de shlabhra luacha thionscal an cheoil thaifeadta, lena n-áirítear eagraíochtaí bainistíochta ceart comhchoiteann, agus úsáideoirí tráchtála ceoil thaifeadta amhail craoltóirí teilifíse agus raidió, ionaid phoiblí amhail beáir, bialanna, clubanna agus óstáin nó a n-eagraíochtaí tionscail.
Dúnfar an comhairliúchán an 19 Samhain 2023. Tá an comhairliúchán spriocdhírithe ar fáil ar Shuirbhé an Aontais Eorpaigh i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Is féidir leat freagra a thabhairt in aon cheann de theangacha oifigiúla an Aontais.
Achoimre ar na freagraí ar an gcomhairliúchán spriocdhírithe
Tugtar forléargas sa tuarascáil achoimre ar na freagraí a chuir páirtithe leasmhara isteach