D’éascaigh an Coimisiún Eorpach agus údaráis na Moldóive dearbhú deonach idir oibreoirí líonraí soghluaiste a chinnteoidh go mbeidh taraifí fánaíochta níos ísle idir an AE/LEE agus Poblacht na Moldóive sa ghearrthéarma.
A bhuí leis an dearbhú, ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, beidh saoránaigh a bheidh ag taisteal idir AE/LEE agus Poblacht na Moldóive in ann tairbhe a bhaint as rátaí fánaíochta laghdaithe ar tharaifí fánaíochta guthghlaonna agus taraifí fánaíochta sonraí.
Geallann siad go ndéanfaidh siad, i measc nithe eile, an méid seo a leanas:
- tairiscintí fánaíochta miondíola inacmhainne a chur i bhfeidhm faoin 1 Eanáir 2024 d’úsáideoirí deiridh atá ag taisteal idir AE/LEE agus Poblacht na Moldóive;
- teacht ar chomhaontú d’aon toil maidir le huasteorainn ar an bpraghas miondíola, a bheidh le fógairt faoin 1 Deireadh Fómhair 2023 ar a dhéanaí;
- measúnú a dhéanamh an bhfuil gá le huasteorainn fánaíochta mhórdhíola chun go bhféadfar seirbhísí fánaíochta a sholáthar ag an bpraghasteorainn chomhaontaithe nó faoina bun, faoin 15 Samhain ar a dhéanaí.
Tá an dearbhú deonach agus tá sé fós ar oscailt d’oibreoirí AE/LEE agus Moldóvach ar mian leo síniú a dhéanamh tráth ar bith.
An dearbhú a íoslódáil (nuashonraithe an 05 Iúil 2023)