D’ullmhaigh agus d’aontaigh údaráis na mBallstát (Grúpa Comhair NIS) an tuarascáil, le tacaíocht ón gCoimisiún agus ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA).
Cumhdaítear sa tuarascáil cur chun feidhme bhearta straitéiseacha agus teicniúla Bhosca Uirlisí an Aontais Eorpaigh. Áirítear ar na Bearta Straitéiseacha bearta a bhaineann le cumhachtaí rialála méadaithe do na húdaráis chun grinnscrúdú a dhéanamh ar sholáthar agus ar imscaradh líonraí, bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí a bhaineann le leochaileachtaí neamhtheicniúla, chomh maith le tionscnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann chun slabhra soláthair agus luacha 5G atá inbhuanaithe agus éagsúil a chur chun cinn chun rioscaí sistéamacha fadtéarmacha spleáchais a sheachaint. Áirítear ar na Bearta Teicniúla bearta chun slándáil líonraí agus trealaimh 5G a neartú trí aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as teicneolaíochtaí, próisis, tosca daonna agus fisiceacha. Tugtar forléargas sa tuarascáil freisin ar na snáitheanna oibre atá ar siúl faoi láthair maidir leis an gcibearshlándáil 5G ar leibhéal an Aontais.