Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Sainíonn an Coimisiún tacair ardluacha sonraí atá le cur ar fáil lena n-athúsáid

Inniu, d’fhoilsigh an Coimisiún liosta de thacair sonraí ardluacha a bheidh ar chomhlachtaí earnála poiblí a chur ar fáil lena n-athúsáid, saor in aisce, laistigh de 16 mhí.

Commission defines high-value datasets to be made available for re-use

iStock photo Getty images plus

Tá sonraí áirithe ón earnáil phoiblí, amhail sonraí meitéareolaíocha nó sonraí maidir le cáilíocht an aeir, an-spéisiúil do chruthaitheoirí seirbhísí agus feidhmeanna breisluacha agus tá buntáistí tábhachtacha ag baint leo don tsochaí, don chomhshaol agus don gheilleagar — agus sin an fáth ar cheart iad a chur ar fáil don phobal.

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach: 

Rachaidh sé chun tairbhe don gheilleagar agus don tsochaí araon tacair ardluacha sonraí a chur ar fáil, mar shampla trí chabhrú leis an athrú aeráide a chomhrac, truailliú aeir uirbeach a laghdú agus bonneagar iompair a fheabhsú. Is céim phraiticiúil é seo i dtreo Deich mBliana Digiteacha rathúil a bhaint amach agus todhchaí dhigiteach níos rathúla a thógáil.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Is cloch choirnéil d’iomaíochas tionsclaíoch an Aontais iad sonraí. Leis an liosta nua de thacair sonraí ardluacha, a foilsíodh inniu, táimid ag scaoileadh cuid mhór sonraí poiblí ar mhaithe le cách. Beidh gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna in ann na sonraí sin a úsáid chun táirgí nua agus réitigh nuálacha a fhorbairt a chuirfidh feabhas ar shaol na saoránach san Aontas agus ar fud an domhain.

Bunaítear an Rialachán faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte, ina sainítear sé chatagóir de thacair sonraí ardluacha den sórt sin: geospásúil, domhanbhreathnóireacht agus timpeallacht, meitéareolaíoch, staidreamh, cuideachtaí agus soghluaisteacht. Is féidir an raon téamach seo a leathnú amach anseo chun forbairtí teicneolaíocha agus margaidh a léiriú. Beidh na tacair sonraí ar fáil i bhformáid mheaisín-inléite, trí Chomhéadan Feidhmchláir agus, i gcás inarb ábhartha, mar oll-íoslódáil.

Cuirfidh an méadú ar infhaighteacht sonraí borradh faoin bhfiontraíocht agus cruthófar cuideachtaí nua dá bharr. Is féidir le tacair sonraí ardluacha a bheith ina n-acmhainn thábhachtach do FBManna chun táirgí agus seirbhísí digiteacha nua a fhorbairt, agus, dá bhrí sin, is cumasóir iad a chuidíonn leo infheisteoirí a mhealladh. Trí thacair sonraí amhail soghluaisteacht nó geologánú foirgneamh a athúsáid, is féidir deiseanna gnó a chur ar fáil d’earnálacha na lóistíochta nó an iompair, chomh maith le feabhas a chur ar éifeachtúlacht sholáthar na seirbhíse poiblí, mar shampla trí thuiscint a fháil ar shreafaí tráchta chun an t-iompar a dhéanamh níos éifeachtúla. Is féidir le sonraí breathnóireachta meitéareolaíocha, sonraí radair, sonraí maidir le cáilíocht an aeir agus sonraí maidir le héilliú ithreach tacú le taighde agus nuálaíocht dhigiteach chomh maith le ceapadh beartas níos eolasaí, go háirithe sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Tuilleadh eolais

 

Related content