Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Clár don Eoraip Dhigiteach: Glaonna oscailte ag an gCoimisiún chun EUR 200 milliún a infheistiú sa teicneolaíocht dhigiteach

Tá tús curtha ag an gCoimisiún leis an tríú sraith de ghlaonna ar thograí ón gClár don Eoraip Dhigiteach, ar fiú EUR 200 milliún iad, faoi Chláir Oibre 2021-2022.

slide showing four people holding electronic devices and text Digital Europe Programme

European Commission

Tá na glaonna oscailte do ghnólachtaí, d’údaráis riaracháin phoiblí agus d’eintitis eile ó Bhallstáit an Aontais, ó thíortha CSTE/LEE, agus ó thíortha comhlachaithe. Leis an gcistiú sin, déanfar infheistíocht EUR 170 milliún i spásanna sonraí, déanfar ardán intleachta saorga (IS) a fhorbairt chun rochtain éasca a chur ar fáil do ghnólachtaí agus d’údaráis riaracháin phoiblí ar uirlisí iontaofa intleachta saorga a dhéantar san Eoraip, ar bhonneagar néalríomhaireachta, chomh maith le hinfheistíocht i sainchláir oideachais i réimse na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha. Is é an 24 Eanáir 2023 an spriocdháta do na glaonna sin. Tá glao nua ar oscailt freisin do Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha agus EUR 30 milliún sa bhreis air sin. Tacóidh na Moil atá lonnaithe ar fud na hEorpa le cuideachtaí príobháideacha, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, agus leis an earnáil phoiblí ina gclaochlú digiteach.  Is é an 16 Samhain 2022 an spriocdháta don ghlao seo. Tá tuilleadh eolais maidir le hiarratas a dhéanamh ar dheontais le haghaidh na nglaonna seo ar thograí ar fáil ar líne. Foilseofar tuilleadh glaonna faoi Chlár Oibre 2021-2022 sna seachtainí amach romhainn.