Leithdháilfear buiséad iomlán EUR 252 mhilliún ar thionscadail chun bonneagar 5G a chur in úsáid ar phobail áitiúla agus feadh mhórchonairí iompair Eorpacha, agus chun cáblaí fomhuirí a chur in úsáid, rud a chuirfidh feabhas ar shlándáil agus ar athléimneacht líonraí cnámh droma laistigh den Aontas agus i leith an Aontais.
I measc na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht, déanfaidh an tAontas cómhaoiniú ar imscaradh cáblaí farraige chun idirnascadh níos mó a sholáthar idir Éire agus mórthír an Aontais, agus idir an tAontas Eorpach agus na réigiúin is forimeallaí san Aigéan Atlantach. Tacóidh nadeontais freisin le nasc díreach tras-Artach idir an tAontas agus an Cianoirthear, cuirfidh siad bonneagar nascachta ardtoillte ar fáil d’oileáin na Gréige sa Mheánmhuir nach bhfreastalaítear go digiteach orthu, agus treiseofar an nascacht leis an Afraic. I measc na dtionscadal maoinithe, tacóidh an tAontas le bonneagar 5G a sheasfaidh an aimsir feadh mótarbhealaí, bóithre, iarnróid agus uiscebhealaí intíre trasteorann. Réiteoidh tionscadail chonairí 5G an bealach do Shoghluaisteacht Nasctha Uathoibrithe (CAM) agus do sheirbhísí sábháilteachta agus seirbhísí neamhshábháilteachta lena mbaineann, lena n-áiritheofar leanúnachas seirbhíse trasteorann.
Ar deireadh, tacaíonn na deontais le glacadh bhonneagar líonra 5G i bpobail chliste áitiúla ar fud an Aontais, amhail ollscoileanna, ospidéil agus foirgnimh shibhialta eile, chun cáilíocht na seirbhísí leasa ghinearálta a fheabhsú.
Is féidir an tríú sraith de ghlaonna ar thograí faoi SCE Digiteach a thíolacadh faoi láthair go dtí an 20 Feabhra 2024.