![Dealbh de Cheartas an Bhantiarna Órga ar chúlra gorm doiléir le tús buí ar chúl - cuid de bhratach an Aontais. Taispeántar an dealbh mar fhigiúr dallógach a bhfuil sraith scálaí aige i lámh amháin agus claíomh sa lámh eile, rud a shamhlaíonn riarachán cothrom agus comhionann an dlí.](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/Rule_of_Law_credit_European_Union_NCURHAVinZZlJmwJCSyI9Onm84_165142.jpg?itok=g4CMSm46)
I gcomparáid leis an gcéad fhoilsiú den Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta a glacadh in 2020, tá na Ballstáit agus an tAontas ina iomláine i bhfad níos ullmhaithe chun dúshláin atá ag teacht chun cinn a bhrath, a chosc agus aghaidh a thabhairt orthu. Cuireann sé sin le hathléimneacht ár ndaonlathas Eorpach agus leis an muinín fhrithpháirteach as an Aontas. Rannchuidíonn sé freisin le dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair agus téann sé chun tairbhe don timpeallacht ghnó lena gcothaítear iomaíochas agus fás inbhuanaithe.
Ó foilsíodh an tuarascáil den chéad uair in 2020, tá sí ina fíorspreagadh d’athchóirithe dearfacha: tugadh aghaidh ar dhá thrian (68 %) de na moltaí a eisíodh in 2023, go hiomlán nó go páirteach. Mar sin féin, tá ábhair imní chórasacha fós ann i roinnt Ballstát agus tá an staid tar éis dul in olcas a thuilleadh. Tugtar aghaidh ar na hábhair imní sin i moltaí thuarascáil na bliana seo.
Áirítear i dtuarascáil na bliana seo, den chéad uair, ceithre chaibidil tíre maidir le forbairtí san Albáin, i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh agus sa tSeirbia. Trí na tíortha méadaithe sin a áireamh sa Tuarascáil maidir leis an Smacht Reachta, arb iad na tíortha is mó a bhfuil dul chun cinn déanta acu sa phróiseas, tacófar lena n-iarrachtaí athchóirithe, cuideofar leis na húdaráis tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa phróiseas aontachais agus chun ullmhú do leanúint den obair ar an smacht reachta mar Bhallstát amach anseo.
Saoirse agus iolrachas na meán
Ó bhí an Tuarascáil dheireanach maidir leis an Smacht Reachta ann, rinne roinnt Ballstát bearta nithiúla chun sábháilteacht agus timpeallacht oibre iriseoirí a fheabhsú, i bhfianaise thionscnaimh an Choimisiúin freisin amhail an Gníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA), atá i bhfeidhm cheana féin agus infheidhme go hiomlán amhail ó mhí Lúnasa 2025, an treoir agus an moladh ‘Frith-SLAPP’ agus an Moladh maidir le sábháilteacht iriseoirí.
Léigh an phreaseisiúint iomlán agus an cúigiú Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta.