Bhí sé d’aidhm ag an gcomhairliúchán seo tuairimí agus léargais a bhailiú ó na páirtithe leasmhara uile maidir leis an méid atá athraithe mar gheall ar an Treoir, má tá sí fós oiriúnach don fheidhm, tionchar an dul chun cinn teicneolaíochta a rinneadh le déanaí agus na bacainní atá fós ann do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta rochtain a fháil ar ábhar ón earnáil phoiblí ar líne. Thug formhór na bhfreagróirí faoi deara go bhfuil feabhas tagtha le trí bliana anuas ar rochtain ar shuíomhanna gréasáin na hearnála poiblí agus ar aipeanna móibíleacha, a bhuí leis an Treoir. Mar sin féin, is iad nascleanúint, an bealach a aimsiú thart ar shuíomh gréasáin, agus foirmeacha téacs, amhail foirmeacha teagmhála, na saincheisteanna is coitianta a chuireann bac ar inrochtaineacht.
Is é is aidhm don Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin cuimsiú digiteach agus sóisialta a mhéadú agus an margadh inmheánach maidir le hinrochtaineacht gréasáin a chomhchuibhiú. Ón 23 Meitheamh 2021 i leith, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit suíomhanna gréasáin na hearnála poiblí agus aipeanna móibíleacha a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine scothaosta. Cuirfear torthaí an chomhairliúcháin phoiblí, a bhí ar siúl ón 19 Iúil go dtí an 25 Deireadh Fómhair 2021, san áireamh san athbhreithniú ar an Treoir a mheastar a fhoilseofar an samhradh seo.
Tuilleadh eolais