Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Radar Nuálaíochta

Díríonn an Radar Nuálaíochta ar nuálaíochtaí ardacmhainneachta agus príomhnuálaithe a shainaithint i dtionscadail taighde agus nuálaíochta arna maoiniú ag an AE.

Cad é an Radar Nuálaíochta?

Tá an Radar Nuálaíochta bunaithe ar mhodheolaíocht a d’fhorbair an tAirmheán Comhpháirteach Taighde. Úsáidtear na sonraí a bhailítear leis an modh seo chun nuálaíochtaí arna gcistiú ag an Aontas a chatagóiriú ó thaobh aibíocht an mhargaidh agus acmhainneacht shuaiteach de, bunaithe ar chórais tháscacha arna bhforbairt ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh. Tacaíonn sé le nuálaithe trí raon gníomhaíochtaí spriocdhírithe a mholadh chun cabhrú leo a n-acmhainneacht sa mhargadh a bhaint amach.

Ní hamháin go mbailítear tacair sonraí faoi acmhainneacht nuálach ach cinntíonn sé freisin go bhfaigheann taighdeoirí agus nuálaithe a fhaigheann maoiniú ón Aontas comhairle shaineolach le linn a dtionscadail faoi na céimeanna is iomchuí chun an margadh a bhaint amach lena nuálaíocht.

Nascadh le hinfheisteoirí

Tá sé mar aidhm ag an Radar Nuálaíochta sreabhadh seasta cuideachtaí teicneolaíochta a bhfuil gealladh fúthu a chruthú, ar cuideachtaí iad ar féidir leo dul i dtreo curaidh thionsclaíoch sa todhchaí. Faigheann sé tacaíocht sa mhéid sin ón tionscadal Dealflow, a fhaigheann maoiniú ón Aontas, a nascann infheisteoirí le deiseanna infheistíochta a thagann as torthaí a eascraíonn as clár taighde agus nuálaíochta Fís 2020 de chuid an Aontais.

Beidh na sonraí Radar Nuálaíochta mar bhonn taca freisin d’ionaid nua ‘dícheall cuí teicneolaíochta’ ar fud na hEorpa a thabharfar isteach mar chuid de straitéis FBM (.pdf) an Choimisiúin Eorpaigh. Leis an tionscnamh seo, déanfaidh an Coimisiún comhchistiú ar threoir chun roinnt ionad ‘dícheall cuí teicneolaíochta’ a sheoladh a chuirfidh seirbhísí ar fáil a fhágfaidh go bhféadfar luacháil níos beaichte a dhéanamh ar ghnólachtaí nuathionscanta ardteicneolaíochta Eorpacha agus ar FBManna teicneolaíochta ar chéim níos déanaí ar bhonn a bpunann teicneolaíochta agus maoine intleachtúla.

An tArdán Radar Nuálaíochta

Sheol an Coimisiún uirlis sonraíbhunaithe ar líne maidir le Radar Nuálaíochta le linn Lá Digiteach 2018 sa Bhruiséil. Leis an uirlis sin, cuirtear faisnéis ar fáil go poiblí faoi nuálaíochtaí atá maoinithe ag an Aontas. Tá an t-ardán Radar Nuálaíochta ar fáil freisin mar aip smartphone (iOS agus Android).

Duais Radar Nuálaíochta

Trí úsáid a bhaint as an radar, sainaithnítear na nuálaithe is fearr atá maoinithe ag an Aontas chun dul in iomaíocht lena nuálaíocht arna maoiniú ag an Aontas Eorpach don Duais bhliantúil um Nuálaíocht Radair. Bhuaigh NVision Imaging Technologies ón nGearmáin duais 2022 as a ‘MRI Meitibileach ar Leibhéal Cealla’, rud a léiríonn conas is féidir le teicneolaíocht chandamach feabhas suntasach a chur ar chumais MRI chun éifeachtúlacht cóireálacha leighis a bhrath ag céimeanna luatha.

An Radar Nuálaíochta agus na Ballstáit

D’aithin tíortha AE an luach agus an gá atá le huirlis den sórt sin agus, go dtí seo, shínigh Airí ó 23 thír Dearbhú Radair Nuálaíochta (.pdf), a seoladh ag Lá Digiteach 2018.

Na tíortha a shínigh an Dearbhú, tá siad ar aon intinn leis an gCoimisiún an Radar Nuálaíochta a úsáid chun teacht chun cinn éiceachórais dhinimiciúil a chothú maidir le haschur chláir researcg agus nuálaíochta an AE. Léiríonn siad freisin a dtiomantas oibriú leis an gCoimisiún Eorpach chun an Radar Nuálaíochta a fheabhsú agus modheolaíocht an Radair a thriail i gcláir náisiúnta agus réigiúnacha um Thaighde agus Nuálaíocht.

An Nuacht is Déanaí