Léiríonn na torthaí, a foilsíodh i bhformáid inrochtana, go ndearnadh an Treoir a cheapadh agus a chur chun feidhme go héifeachtúil agus gur cuireadh feabhas ar rochtain ar sheirbhísí poiblí ar líne agus ar fhaisnéis laistigh den Aontas, rud a neartaigh an cuimsiú sóisialta agus digiteach. Ach toisc gur próiseas leanúnach í an inrochtaineacht, is féidir feabhas a chur air i gcónaí.
Cé go bhfuil feabhas tagtha ar leibhéal na hinrochtaineachta ar shuíomhanna gréasáin agus ar fheidhmchláir mhóibíleacha san earnáil phoiblí, tá deacrachtaí fós ag daoine faoi mhíchumas. Léiríodh sna torthaí freisin go raibh ganntanas saineolaithe inrochtaineachta digití ann.
Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:
Ba cheart go rachadh digitiú leanúnach na hearnála poiblí chun tairbhe shaoránaigh uile an Aontais, agus léirítear san athbhreithniú go bhfuil rochtain níos fearr ag daoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí poiblí ar líne. Is díol sásaimh dúinn na conclúidí lena leagtar béim ar bhreisluach suntasach an Aontais maidir le feabhas a chur ar inrochtaineacht ar líne agus ar thionchar dearfach na treorach.
Ón 23 Meitheamh 2021 i leith, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit a chinntiú go mbeidh a suíomhanna gréasáin agus aipeanna san earnáil phoiblí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas. Is é is aidhm don Treoir cuimsiú digiteach agus sóisialta a mhéadú agus an margadh inmheánach maidir le hinrochtaineacht gréasáin a chomhchuibhiú. Is colún lárnach den chlaochlú digiteach é an cuimsiú, mar a léirítear sa ‘Dearbhú maidir le Cearta agus Prionsabail Eorpacha’.
Tuilleadh eolais
Related content
Report / Study | 07 Nollaig 2022
Is é is aidhm don staidéar tacú leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le hInrochtaineacht Gréasáin agus ar a gníomhartha cur chun feidhme, lena gcumhdaítear na chéad trí bliana dá gcur i bhfeidhm (2018-2021).