Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An chéad scéim deimhniúcháin cibearshlándála uile-Aontais chun an spás digiteach Eorpach a dhéanamh níos sábháilte

Ghlac an Coimisiún an chéad scéim Eorpach um dheimhniú cibearshlándála riamh, i gcomhréir le Gníomh um Chibearshlándáil an Aontais. Cuireann an scéim sraith rialacha agus nósanna imeachta uile-Aontais ar fáil maidir le conas táirgí TFC a dheimhniú ina saolré agus ar an gcaoi sin iad a dhéanamh níos iontaofa d’úsáideoirí.

First EU-wide cybersecurity certification scheme to make European digital space safer

European Union Agency for Cybersecurity (ENISA)

Tugann deimhniú aitheantas foirmiúil gur féidir muinín a bheith ag táirgí TFC chun na crua-earraí agus na bogearraí atá á n-úsáid ag saoránaigh ar bhonn laethúil a chosaint.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach: 

I dtimpeallacht bhagartha chibearshlándála an-dinimiciúil, tá dul chun cinn á dhéanamh againn chun ár gcibear-athléimneacht chomhchoiteann a ardú. Inniu, seolaimid creat nua chun a chinntiú go mbeidh na táirgí a úsáidimid i gcuid de na timpeallachtaí is íogaire, amhail ródairí agus cártaí aitheantais, slán ó thaobh cibearshlándála de. Is mian linn go mbeidh ár saoránaigh, ár ngnólachtaí agus an earnáil phoiblí in ann muinín a bheith acu as na táirgí a mbíonn siad ag brath orthu chun a líonraí a dhaingniú agus chun seirbhísí poiblí íogaire a sholáthar. 

Comhlánóidh an scéim dheonach an Gníomh um an gCibear-Athléimneacht lena dtugtar isteach ceanglais cheangailteacha chibearshlándála le haghaidh gach táirge crua-earraí agus bogearraí san Aontas. Cuidíonn an chéim mhór sin le ceannaireacht dhigiteach dhomhanda na hEorpa a chothú. Thairis sin, cuirfidh an scéim borradh faoi chur chun feidhme Threoir NIS2.

Foilseofar an scéim in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh go luath agus tiocfaidh sí i bhfeidhm 20 lá tar éis a foilsithe. In éineacht le foilsiú na scéime deimhniúcháin san Iris Oifigiúil, foilseoidh an Coimisiún an chéad Chlár Oibre Rollach de chuid an Aontais maidir le deimhniú Eorpach i ndáil le cibearshlándáil freisin. Leagtar amach sa doiciméad seo fís straitéiseach agus machnamh ar réimsí féideartha do scéimeanna Eorpacha um dheimhniú cibearshlándála amach anseo i bhfianaise na bhforbairtí reachtacha agus margaidh a tharla le déanaí.

Tá an scéim a glacadh bunaithe ar dhréachtaí a d’ullmhaigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) i ndlúthchomhar le saineolaithe tionscail agus leis na Ballstáit, tar éis pléití teicniúla agus dlíthiúla, chomh maith le comhairliúchán poiblí.

Tuilleadh eolais

Related content