Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

Foilsiú folúntais d’fheidhm an Stiúrthóra Feidhmiúcháin — an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta, Teicneolaíochta agus Taighde Cibearshlándála

Is post bainisteora sinsearach é seo chun foireann ildisciplíneach gairmithe a stiúradh agus iarrtar air tacú le príomhréimse tosaíochta do thodhchaí an Aontais Eorpaigh. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as oibríochtaí agus as bainistiú an Lárionaid ó lá go lá agus beidh sé ina ionadaí dlíthiúil air. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntasach don Bhord Rialaithe agus comhlíonfaidh sé nó sí a dhualgais nó a dualgais ar shlí atá go hiomlán neamhspleách laistigh de na cumhachtaí a shanntar dó nó di. Tacóidh foireann an Lárionaid leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin.