De réir mar a spreagann an tsamhail dhigiteach Eorpach níos mó tíortha, tá níos mó deiseanna ag cuideachtaí Eorpacha gnó a dhéanamh, rud a chruthaíonn níos mó post do shaoránaigh.
Oibríonn an Coimisiún Eorpach i gcomhar le go leor tíortha, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le fóraim iltaobhacha chun ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na hEorpa agus chun tairbhí straitéis dhigiteach an Aontais a chur chun cinn go gníomhach.
An Afraic
Sna Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024, d’iarr an tUachtarán Ursula von der Leyen straitéis chuimsitheach nua leis an Afraic chun tacú leis an mór-roinn dul i ngleic le dúshláin áitiúla lena réitigh féin.
Críocha Mheiriceá
Tá an geilleagar digiteach agus an tsochaí dhigiteach mar dhlúthchuid den chlár oibre anois le haghaidh chaidreamh an Aontais le Críocha Mheiriceá. Oibríonn an tAontas le Meiriceá Laidineach agus leis an Muir Chairib, leis an mBrasaíl, le Meicsiceo, le Stáit Aontaithe Mheiriceá agus le Ceanada.
Réigiún na hÁise agus an Aigéin Chiúin
Is réigiún eacnamaíoch bríomhar ar fud an domhain í an Áise, le margaí dinimiciúla agus cumas láidir nuálaíochta. Oibríonn an tAontas Eorpach le roinnt tíortha agus réigiún sa cheantar.
Comharsana an Aontais
Oibríonn an Coimisiún Eorpach go dlúth le tríú tíortha atá gar don Aontas Eorpach ó thaobh na tíreolaíochta de. Áirítear orthu sin tíortha CSTE agus LEE, an Eilvéis, tíortha is iarrthóirí, agus comharsana an deiscirt.
Idirlíon domhanda agus teileachumarsáid
Oibríonn an Coimisiún Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta le gníomhaithe domhanda eile chun forbairtí an idirlín agus an domhain teileachumarsáide a mhúnlú. Déantar achoimre ar fhís an Choimisiúin Eorpaigh i gcoincheap COMPACT: an tIdirlíon mar spás d’fhreagrachtaí sibhialta.
Eagraíochtaí idirnáisiúnta agus fóraim iltaobhacha
Féachann an tAontas leis an gcur chuige Eorpach i leith an chlaochlaithe dhigitigh a chur chun cinn trí chomhaontuithe ar thángthas orthu le heagraíochtaí agus fóraim idirnáisiúnta. Oibríonn sé leis na Náisiúin Aontaithe, le G7 agus G20, le ECFE, le Comhairle na hEorpa agus le go leor eagraíochtaí eile.
Caidreamh réigiúnach agus déthaobhach
Díríonn an caidreamh réigiúnach agus déthaobhach ar rochtain ar an margadh do chuideachtaí Eorpacha agus ar thimpeallacht dhomhanda rialála atá fónta agus trédhearcach a chur chun cinn. Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún córas rialála a chothú atá gar do chreat dlíthiúil an Aontais agus atá comhoiriúnach leis.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Léargas níos doimhne
-

Féachann an tAontas leis an gcur chuige Eorpach i leith an chlaochlaithe dhigitigh a chur chun cinn...
-

Oibríonn an Coimisiún Eorpach ar an leibhéal idirnáisiúnta le gníomhaithe domhanda eile chun...
-

Díríonn caidreamh réigiúnach agus déthaobhach ar rochtain ar an margadh do chuideachtaí Eorpacha...
-
An geilleagar digiteach & amp; tá an tsochaí anois go daingean mar chuid den chlár oibre do...
-
Leanann an Áise-Aigéan Ciúin agus an tAontas dá gcomhpháirtíocht dhigiteach a neartú lena n...
-
Oibríonn an Coimisiún Eorpach go dlúth le tríú tíortha atá gar go geografach don Aontas Eorpach.
-
Cuireann an claochlú digiteach deiseanna iontacha ar fáil don Afraic.
-

Is ardán ar líne é an Fhaireachlann Dhomhanda um Beartas Idirlín (GIPO) atá dírithe ar thuiscint...



