Faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), tá sé d’oibleagáid ar sheirbhísí ainmnithe a bhfuil níos mó ná 45 mhilliún úsáideoir gníomhach acu san Aontas na rioscaí a bhaineann le próisis toghcháin a mhaolú, agus cearta bunúsacha á gcosaint ag an am céanna, lena n-áirítear an ceart chun tuairimí a nochtadh.
Moltar sna treoirlínte sin bearta maolaithe agus dea-chleachtais a bheidh le déanamh ag Ardáin an-Mhór ar Líne agus ag Innill Chuardaigh roimh imeachtaí toghcháin, lena linn agus ina ndiaidh.