Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Obair chomhpháirteach maidir le céannacht dhigiteach, leathsheoltóirí agus intleacht shaorga curtha chun cinn ag an Aontas agus an tSeapáin

  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 30 Aibreán 2024

Bhí an dara Comhairle Comhpháirtíochta Digití ag an Aontas agus an tSeapáin sa Bhruiséil.

EU and Japan advance joint work on digital identity, semiconductors, artificial intelligence
iStock Photo Getty Images +

Bhí an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, agus Aire na Seapáine um Chlaochlú Digiteach, Taro Kono, an tAire Gnóthaí Baile agus Cumarsáide, Takeaki Matsumoto, agus an Leas-Aire Parlaiminteach Geilleagair, Trádála agus Tionscail, Taku Ishii, ina gcomhchathaoirligh ar an gComhairle.

D’athdhearbhaigh an tAontas agus an tSeapáin a thábhachtaí atá a gcomhpháirtíocht straitéiseach chun a luachanna agus a bhfís chomhroinnte a chur chun cinn maidir le claochlú digiteach lena gcuirfear daoine i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh agus lena n-urramófar cearta bunúsacha. Ba dhíol sásaimh do na comhpháirtithe cur chun feidhme rathúil na Comhpháirtíochta Digití agus bhreathnaigh siad ar an dul chun cinn a rinneadh ó bhí an chéad Chomhairle Comhpháirtíochta Digití ann in 2023. Tháinig siad ar chomhaontú maidir le liosta táirgí insoláthartha nua chun tuilleadh comhair a dhéanamh maidir le croítheicneolaíochtaí digiteacha amhail intleacht shaorga (IS), 5G, 6G, leathsheoltóirí, ríomhaireacht ardfheidhmíochta (HPC) agus teicneolaíocht chandamach, lena neartaítear an comhar i ngeilleagar sonraí agus ardán, cáblaí fomhuirí, ríomh-shainaitheantas agus cibearshlándáil.

Léigh an phreaseisiúint iomlán agus faigh tuilleadh eolais faoi Chomhpháirtíochtaí Digiteacha an Aontais.

 

Related content