Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Cinneadh nua ón gCoimisiún chun an comhar idir an Úcráin agus an tAontas Eorpach i réimse na cumarsáide leictreonaí a neartú

Tá Cinneadh glactha ag an gCoimisiún lena n-údaraítear d’údarás rialála náisiúnta na hÚcráine atá freagrach as cumarsáid leictreonach a bheith rannpháirteach i gComhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus in Oifig BEREC, arb í an ghníomhaireacht a thacaíonn le BEREC í.

photo of the ukranian flag against a cloudy sky

iStock photo Getty images plus

Sonraítear sa Chinneadh na socruithe oibre: Glacfaidh údarás rialála na hÚcráine páirt in obair laethúil Bhord rialálaithe BEREC, gan aon cheart vótála aige, agus ag an am céanna féadfaidh an Úcráin saineolaithe a cheapadh chun páirt a ghlacadh i meithleacha BEREC i réimsí na fánaíochta, na rialála margaidh agus na rialála digití foriomláine, i measc nithe eile. Tá an Cinneadh ón gCoimisiún bunaithe ar an gcomhaontú comhlachais idir an Úcráin agus an tAontas, comhaontú trínar gheall an dá thaobh tacú le dlíthe na hÚcráine a ailíniú le dlíthe cumarsáide leictreonaí an Aontais agus comhar a chur chun cinn idir rialtóir náisiúnta agus rialtóirí náisiúnta na hÚcráine ar fud Bhallstáit an Aontais.

Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Tá sé níos tábhachtaí ná riamh an Úcráin a choinneáil chomh gar agus is féidir do mhargadh aonair an Aontais. Tá áthas orm, dá bhrí sin, fáilte a chur roimh rialtóir na hÚcráine in BEREC. Fágfaidh sé go mbeidh comhar níos dlúithe ann maidir le saincheisteanna nascachta san éigeandáil atá ann faoi láthair agus leagfar síos an bealach chun rialacha na hÚcráine maidir le cumarsáid leictreonach a thabhairt níos gaire do chreat teileachumarsáide an Aontais. 

Dúirt Annemarie Sipkes, cathaoirleach BEREC:

Cheana féin, bhunaighBEREC agus a chuid ÚNRanna caidreamh den scoth lenár gcomhghleacaithe ón NCEC, rud a chuireamar i dtreis le déanaí sa chomhar maidir le taraifí fánaíochta agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha a rinne oibreoirí na hÚcráine agus oibreoirí an Aontais chun nascacht inacmhainne a áirithiú do dhídeanaithe ón Úcráin. Tá an-áthas orainn fáilte a chur roimh NCEC inár dteaghlach BEREC chun páirt a ghlacadh inár dtionscadal chun margadh digiteach Eorpach amháin a bhunú, nascacht iomlán a chur chun cinn agus úsáideoirí deiridh a chumhachtú.

Níos luaithe i mbliana, shínigh oibreoirí teileachumarsáide atá lonnaithe san Aontas agus san Úcráin ráiteas comhpháirteach chun glaonna fánaíochta agus idirnáisiúnta atá inacmhainne nó saor in aisce a chinntiú agus a chobhsú idir an tAontas agus an Úcráin, rud a chuideoidh le hÚcránaigh a easáitíodh ar fud na hEorpa fanacht i dteagmháil le teaghlaigh agus le cairde sa bhaile agus rochtain a bheith acu ar fhaisnéis iontaofa. D’éascaigh an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa an ráiteas comhpháirteach sin a bhfuil faireachán á dhéanamh ag BEREC air anois. 

Tuilleadh eolais faoin gCinneadh