Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Na meáin agus an cultúr digiteach

Tacaíonn an Coimisiún le claochlú digiteach agus le hiomaíochas na hearnála closamhairc agus na meán chun rochtain ar ábhar ardcháilíochta agus iolrachas na meán a spreagadh.

Thug an t-aistriú go digiteach bealaí nua leis chun taithí a fháil ar an domhan timpeall orainn. Is féidir linn rochtain a fháil ar nuacht cibé áit a bhfuil muid ó rogha leathan foinsí agus ardán. Tá réimse leathan scannán éagsúil, seónna teilifíse agus raidió a tháirgtear san Eoraip ar fáil anois do lucht féachana atá ag éirí níos leithne.

Mar sin féin, tá dúshláin nua ag baint leis an ré seo. Scaipeann an bhréagaisnéis níos tapúla ar líne ná mar a scaip sí riamh sa domhan as líne, agus d’fhéadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith aici agus bíonn bacainní éagsúla roimh iriseoirí agus eagraíochtaí meán i roinnt tíortha. D’fhéadfadh sé go mbainfeadh ardáin an-mhór ar líne a n-ábhar go héagórach de sholáthraithe seirbhíse meán nó nach mbeadh rochtain éasca air i gcomhéadain úsáideora. 

Le blianta beaga anuas, tá dlús curtha ag an Aontas lena chuid oibre sa réimse sin chun aghaidh a thabhairt ar go leor de na dúshláin sin trí ghníomhaíochtaí amhail: 

 

 

An Nuacht is Déanaí

Regie of TV studio
  • Press release
  • 11 Nollaig 2025

Chinn an Coimisiún Eorpach tús a chur le nós imeachta um shárú trí litir fógra fhoirmiúil a sheoladh chuig an Ungáir (INFR(2025)2194) toisc nár chomhlíon sí roinnt forálacha faoin nGníomh Eorpach um Shaoirse na Meán (EMFA) (Rialachán (AE) 2024/1083) agus ceanglais áirithe faoi Threoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc (AVMSD) (Treoir (AE) 2018/1808).

Ábhar Gaolmhar

Léargas níos doimhne