Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Factsheet / infographic | Foilseachán

Tacaíocht ón Aontas d’earnáil na meán nuachta

Oibríonn an Coimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha in earnálacha na meán agus chun timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn.

EU support for the news media sector

image by Laurence Dutton by Getty/iStock

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tacú le tionscadail lena gcuirtear timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch chun cinn, lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin struchtúracha earnálacha na meán agus/nó lena gcuirtear feabhas ar rochtain na saoránach ar fhaisnéis ardcháilíochta. I measc na samplaí tá tacaíocht a thabhairt don iriseoireacht chomhoibríoch, faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’iolrachas sna meáin, sáruithe ar shaoirse na meán a mhapáil, iriseoirí faoi bhagairt a chosaint, tacú le litearthacht sna meáin agus an réimse poiblí Eorpach a neartú.

I mbeagán focal, tacaíonn an tAontas Eorpach le hearnáil na meán nuachta go príomha trí roinnt ionstraimí:

  • Líne na ‘Gníomhaíochtaí Ilmheán’ chun tuairisciú neamhspleách na meán nuachta ar ghnóthaí AE a mhaoiniú.
  • Gníomhaíochtaí faoina chlár Eoraip na Cruthaitheachta chun tacú le hiolrachas agus saoirse na meán, comhoibriú leis na meáin agus litearthacht sna meáin.
  • Gníomhaíochtaí mar chuid de chláir nuálaíochta (An Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach).
  • Agus Treoirthionscadail agus Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil. 

Is ionann an buiséad atá ar fáil agus thart ar EUR 50 milliún in aghaidh na bliana.

Bileog Eolais na Nuachta