Meastar go ndearna cuideachtaí atá lonnaithe san Aontas thart ar EUR 1 bhilliún a infheistiú i mbogearraí Foinse Oscailte in 2018, rud a d’fhág go raibh tionchar dearfach idir EUR 65 bhilliún agus EUR 95 bhilliún ar gheilleagar na hEorpa.
Tuartar sa staidéar go nginfeadh méadú 10 % ar rannchuidiú le cód Bogearraí Foinse Oscailte 0.4 % breise go 0.6 % OTI gach bliain, chomh maith le breis agus 600 gnólacht nuathionscanta TFC breise san Aontas. Léiríonn cás-staidéir go bhféadfadh an earnáil phoiblí costas iomlán na húinéireachta a laghdú, trí Bogearraí Foinse Oscailte a fháil seachas bogearraí dílseánaigh, agus dá bhrí sin a neamhspleáchas digiteach a mhéadú.
Tugtar roinnt moltaí sonracha maidir leis an mbeartas poiblí sa staidéar a bhfuil sé mar aidhm leo earnáil phoiblí atá uathrialaitheach go digiteach a bhaint amach, taighde agus nuálaíocht oscailte lena gcumasaítear fás na hEorpa, agus tionscal digitithe agus iomaíoch go hinmheánach. San fhadtéarma, féadfar torthaí an staidéir a úsáid chun gné na foinse oscailte a threisiú agus beartais bogearraí agus crua-earraí á bhforbairt amach anseo do thionscal an Aontais.
Thairis sin, ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 i leith, tá a Straitéis nua um Bogearraí Foinse Oscailte 2020-2023 ag an gCoimisiún, rud a spreagann agus a ghiaráil tuilleadh acmhainneacht chlaochlaitheach, nuálach agus chomhoibríoch na foinse oscailte, d’fhonn spriocanna Straitéis Dhigiteach uileghabhálach an Choimisiúin a bhaint amach agus rannchuidiú leis an gclár don Eoraip Dhigiteach. I Straitéis an Choimisiúin, leagtar béim ar leith ar chomhroinnt agus athúsáid na réiteach bogearraí, an eolais agus an tsaineolais agus ar úsáid na foinse oscailte a mhéadú i dteicneolaíochtaí faisnéise agus i réimsí straitéiseacha eile.