Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tiachóga na Céannachta Digití Eorpaí: An chéad bhosca uirlisí teicniúla i dtreo fréamhshamhlacha foilsithe ag an gCoimisiún

Inniu, tá an chéad leagan de Bhosca Uirlisí coiteann de chuid an Aontais á fhoilsiú ag an gCoimisiún chun Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí (Tiachóg EUDI) a chur chun feidhme.

graphic showing bits and bytes and on the forefront the European flag

iStock photo Getty images plus

Beidh an cnámh droma teicniúil sin, arna fhorbairt ag na Ballstáit i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, mar bhonn chun Tiachóg fréamhshamhlacha a innealtóireacht ar féidir é a úsáid chun tástáil a dhéanamh i gcásanna úsáide éagsúla.

Comhlánóidh an Bosca Uirlisí an togra reachtach maidir le Féiniúlacht Dhigiteach atá iontaofa agus slán agus is céad chéim ríthábhachtach é lena mbeifear in ann creat láidir a chruthú le haghaidh sainaithint dhigiteach agus fíordheimhniú digiteach bunaithe ar chaighdeáin choiteanna ar fud an Aontais. Is é is aidhm dó ardleibhéal muiníne a áirithiú in idirbhearta digiteacha san Eoraip. Leanfaidh na Ballstáit de bheith ag obair go dlúth leis an gCoimisiún chun an Bosca Uirlisí a nuashonrú ar bhonn leanúnach.

Níl na ceanglais agus na sonraíochtaí a leagtar amach sa Bhosca Uirlisí éigeantach do na Ballstáit go dtí go nglacfaidh na comhreachtóirí an togra reachtach maidir le Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí.

Ag an am céanna, tá an Coimisiún ag tacú freisin le treoirthionscadail mhórscála, faoin gClár Digiteach, le suas le EUR 50 milliún de chómhaoiniú chun aghaidh a thabhairt ar chásanna úsáide ardtosaíochta don Tiachóg, lena n-áirítear an Ceadúnas Tiomána Soghluaiste, ríomhsheirbhísí sláinte, íocaíochtaí, agus cáilíochtaí oideachais/gairmiúla. Táthar ag súil go dtosóidh na píolótaí sa chéad leath de 2023.

Cuirfidh Tiachóg na Céannachta Digití Eorpaí bealach slán áisiúil ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa chun iad féin a shainaithint nuair is gá chun rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha, ach cliceáil ar chnaipe ar a bhfón. Beidh siad in ann sonraí a stóráil agus a úsáid go slán do gach cineál seirbhíse, amhail seiceáil isteach ag an aerfort, carr a fháil ar cíos, cuntas bainc a oscailt, nó logáil isteach ina gcuntas ar ardáin mhóra ar líne. Ina theannta sin, tabharfaidh Tiachóg EUDI deis do shaoránaigh dintiúir a stóráil, amhail ceadúnas tiomána soghluaiste, ceadúnais ghairmiúla, rShláinte, nó dintiúir oideachais.

Tuilleadh eolais