Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Speictream a chomhchuibhiú le haghaidh nascacht fheabhsaithe: réidh le haghaidh 5G agus nuálaíocht

Tá cinntí cur chun feidhme glactha ag an gCoimisiún chun a chinntiú go bhfreastalaíonn beartas speictrim raidió an Aontais ar an éileamh méadaitheach ar leathanbhanda agus ar fheidhmchláir dhigiteacha nuálacha.

graphic showing digits and waves

iStock photo Getty Images plus

Leis an tionscnamh seo, cuirtear na bandaí 900 MHz agus 1 800 MHz ar fáil lena n-úsáid ag feidhmchláir 5G freisin. Leis sin, beifear in ann nascacht níos fearr a bhaint amach le haghaidh feidhmeanna criticiúla maidir le faireachán, diagnóis agus cúram sláinte; tithe cliste agus ídiú fuinnimh optamaithe; agus soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe le haghaidh córais iompair níos sábháilte agus níos éifeachtúla.

Chomh maith leis na ‘bandaí ceannródaithe’ comhchuibhithe le haghaidh 5G, shainaithin an Grúpa um Beartas Speictrim Raidió gur gá a áirithiú go mbeidh na bandaí minicíochta atá comhchuibhithe cheana féin do 2G, 3G, 4G oiriúnach d’úsáid 5G freisin. De réir Phlean Gníomhaíochta 5G, faoi 2025, ba cheart go gcumhdódh líonraí 5G gach ceantar uirbeach agus gach príomhbhealach iompair.

Ghlac an Coimisiún cinntí cur chun feidhme freisin chun feabhas a chur ar na coinníollacha teicniúla d’úsáid speictrim le haghaidh gléasanna gearr-raoin agus Wi-Fi.

Príomhsprioc de Dheich mBliana Digiteacha 2030 atá molta ag an gCoimisiún is ea nascacht ardleibhéil agus fheabhsaithe, lenar cheart do 5G gach limistéar daonra a chumhdach agus ba cheart rochtain a bheith ag teaghlaigh uile an Aontais ar nascacht ghigighiotáin faoi 2030. Beidh líonraí uasghrádaithe, tapa agus iontaofa mar thúsphointe don chlaochlú digiteach tráthúil agus chun seirbhísí agus táirgí níos fearr a chumasú ar fud na hEorpa.

Tuilleadh eolais

Beartas an Aontais maidir leis an speictream raidió