
iStock photo Getty images plus
Tacóidh an Gníomh le líonra riarachán poiblí digiteach ceannasach agus idirnasctha a chruthú agus cuirfear dlús le claochlú digiteach earnáil phoiblí na hEorpa. Cuideoidh sé leis an Aontas agus lena Bhallstáit seirbhísí poiblí níos fearr a chur ar fáil do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, agus dá réir sin, is céim ríthábhachtach é chun spriocanna digiteacha na hEorpa do 2030 a bhaint amach agus chun tacú le sreafaí sonraí iontaofa. Cuideoidh sé freisin le costais a shábháil, agus d’fhéadfadh idir-inoibritheacht trasteorann a bheith ina cúis le coigiltí costais idir EUR 5.5 agus EUR 6.3 milliún do shaoránaigh agus idir EUR 5.7 billiún agus EUR 19.2 billiún do ghnólachtaí a bhíonn ag déileáil le riaracháin phoiblí.